Oileáin Chúiríl
Oileánra bolcánach a shíníonn soir ó thuaidh ó Hokkaido na Seapáine go Leithinis Kamchatka sa Rúis is ea Oileáin Chúiríl. Scarann Oileáin Chúiríl Muir Ocatsc ar a dtaobh thiar agus an Aigéan Ciúin Thuaidh soir agus soir ó dheas uathu. Tá 56 oileán ar fad ann chomh maith le roinnt carraigí. Tá an t-oileánra 1,300 km (810 míle) ar fhad. Tá achar 10,503.2 km2 (4,055 míle cearnacha) de thalamh sna hoileáin.
Tá na hoileáin ar fad faoi dhlínse na Rúise faoi láthair, cé go bhfuil éileamh ag an tSeapáin ar roinnt oileán i ndeisceart an oileánra. Sa bhliain 2010 bhí cónaí ar 19,434 duine ar na hoileáin.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |