Aidhniúch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Aidhniúigh

Ba iad na hAidhniúigh muintir dhúchasach Thuaisceart na Seapáine agus Oileán Sakhalin sa Rúis. Go stairiúil, labhraídís teangacha nó canúintí dá gcuid féin - teangacha Aidhniúcha, is é sin, Aidhniúis Hokkaido, Aidhniúis Sakhalin, agus Aidhniúis Oileáin Chúiríl. Ní raibh gaol ar bith ag na teangacha seo le haon teanga eile. Inniu, chuaigh an Aidhniúis - an trí chineál - in éag, ach sa tSeapáin ar a laghad, rinneadh taighde cuimsitheach ar an teanga, ar an mbéaloideas Aidhniúch agus ar na nósanna pobail, agus mar sin, is féidir Aidhniúis - Aidhniúis Hokkaido ar a laghad - a fhoghlaim is a shaothrú leis an bhféiniúlacht Aidhniúch a chur in iúl.

Is deacair a rá cá mhéad Aidhniúch atá fágtha ar an saol. Bíonn na hAidhniúigh ag pósadh Seapánach eitneach le roinnt glúnta anuas, agus mar sin, ní féidir teacht ar "Aidhniúigh ghlana" a thuilleadh - le fírinne níl ciall ar bith ag baint le coincheap an Aidhniúigh ghlain a thuilleadh. De réir na tuisceana oifigiúla á 25,000 Aidhniúch sa tSeapáin inniu, ach is í an uimhir a thugann eagraíocht na nAidhniúch ná 200,000. Cé go bhfuil an teanga ag saothrú an bháis le píosa maith ama anuas, tá litríocht is iriseoireacht ag dul i gcló sa teanga, nó cuireann a lán de shliocht na sean-Aidhniúch spéis i gcultúr a sinsear inniu féin.

Ba é Shigeru Kayano (1926-2006) an fear mór athbheochana sa 20ú haois i saol cultúrtha na nAidhniúch. Aidhniúch a bhí ann féin, agus é ina theangeolaí féinteagasctha agus ina bhéaloideasóir. Bhí sé ina theachta ar pharlaimint na Seapáine freisin agus é ag cur troda ar son na nAidhniúch go lá a bháis. Scríbhneoir an-bhisiúil a bhí ann, nó d'fhoilsigh sé na scórtha leabhar faoi theanga is faoi thraidisiúin a mhuintire.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa tríú haois déag a luadh na hAidhniúigh an chéad uair sna foinsí Seapáinise. Ar dtús, bhí caidreamh cairdiúil idir na hAidhniúigh agus na Seapánaigh, agus an dá mhuintir ag trádáil go síochánta le chéile. I dtréimhse Tokugawa (1600-1868), áfach, thosaigh na Seapánaigh ag cúngú isteach ar na hAidhniúigh, agus chuaigh na hAidhniúigh chun ceannairce. Ba é Éirí Amach Shakushain timpeall na bliana 1670 an cheannairc ba mhó.

Nuair a thosaigh Ré Athchóirithe Meiji sa tSeapáin, agus an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, theastaigh ó rialtas na tíre an tSeapáin a thabhairt chun nua-aoiseachais, agus ba é an dearcadh oifigiúil ná go raibh nósanna traidisiúnta na nAidhniúch ag cur isteach ar an nua-aoisiú. Mar chuid de na polasaithe nua, bronnadh saoránacht na Seapáine ar na hAidhniúigh go léir, ach b'ionann sin is a rá nach dream eitneach ar leith a bhí iontu agus nach raibh siad i dteideal a nósanna ná a dteanga. Thairis sin, thosaigh Seapánaigh eitneacha ag socrú síos in Hokkaido, agus iad ag cúngú ar thailte na nAidhniúch. B'éigean do na hAidhniúigh éirí as a gcuid nósanna - cosúil leis an tatúáil agus le híobairt na n-ainmhithe do na déithe - agus an tSeapáinis a fhoghlaim is a shealbhú mar theanga ghnáthchumarsáide.

Níor bhain na hAidhniúigh amach aitheantas oifigiúil dá dteanga ná dá bhféiniúlacht eitneach ach sa bhliain 2008, nuair a reachtaigh parlaimint na Seapáine, Kokkai, rún ag éileamh ar an rialtas glacadh leis na hAidhniúigh mar ghrúpa eitneach a bhfuil teanga, nósanna agus oidhreacht ar leith aige.