Aidhniúis
An Aidhniúis (アィヌ・イタㇰ, Aynu=itak) | |
---|---|
Á labhairt: | Seapáin |
Réigiún: | Hokkaido |
Cainteoirí san Iomlán: | 10 (2007) |
Líne ghinealaigh: | Teanga Aonraíoch |
Stádas Oifigiúil | |
Foras Pleanála Teanga: | |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | |
ISO 639-2 | ain |
ISO 639-3 | ain |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is teanga dhúchais na Seapáine í an Aidhniúis (Aidhniúis: アィヌ・イタㇰ, nó, Aynu=itak, Seapáinis: アイヌ語, Ainu-goBéarla: /ainu/). Labhraítear í ar an oileáin Hokkaido i dtuaisceart na Seapáine. Is í teanga stairiúil na nAidhniúch. Bbhí cainteóirí annsa Rúis (Sachailín agus na h-Oileáin Chúiríl) go dtí na 1960idí.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceaptar gurb í an Aidhniúis an teanga a labhraíodh sa tSeapáin sular tháinig na Seapánaigh ann idir 700 agus 1300 bliana ó shin. Comharthaíonn logainmneacha i dtuaisceart na Seapáine (Tohoku) go raibh lonnaíochtaí Aidhniúcha ann sa chuid is faide ó thuaidh den oileán Honshu. Faightear a lán logainmneacha Aidhniúise ar an oileán Hokkaido, ina labhraítear an teanga go fóill le roinnt bheag daoine.
Thug rialtas na Seapáine aitheantas oifigiúil don teanga don chéad uair i mí na Feabhra 2019.[1]
Canúintí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Maidir le canúintí na h-Aidhniúise, tá Yakumo, Oshmambe, Horobetsu, Biratori, Niikappu, Samani, Nukkibetsu, Obihiro, Asahikawa, Kushiro, Bihoro, Nayoro agus Soya ann sa tSeapáin, chomh maith leis na canúintí a bhí ann sa Rúis.[2]
Fóineólaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is teanga CV(C), (C=Consan, V=Guta), í an Aidhniúis.
Gutaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tosaigh | Láir | Cúil | |
---|---|---|---|
Dúnta | i | u | |
Leath-ard | e | o | |
Oscailte | a |
Bhí gutaí fada ag Aidhniúis Shachailín.
Consain[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dé-liopach | Ailbheólach | Carballach | Coguasach | Glotasach | |
---|---|---|---|---|---|
Pléascach | p | t | k | ||
Aifricéad | t͡s | ||||
Frithchaiteach | s | h | |||
Srónach | m | n | |||
Neasach | j | w | |||
Tapchonsan | ɾ |
Fuaimnítear /ti/ agus /tsi/ mar [t͡ʃi], agus /s/ mar [ʃ] roimh /i/ ag deireadh siolla.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Japan prepares law to finally recognize and protect its indigenous Ainu people" (en). Washington Post. Dáta rochtana: 2020-08-05.
- ↑ http://www.llmap.org/maps/317536.html
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |