Sacailín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sacailín ar an léarscáil
Roinn Tihii ar chósta Mhuir Ocatsc ar Oileán Shacailín

Oileán mór faoi dhlínse na Rúise atá suite in iarthuaisceart an Aigéin Chiúin is ea Sacailín (Rúisis: Сахалин; Seapáinis: 樺太, Karafuto). Tá an t-oileán suite idir Mhuir Ocatsc ar thaobh thoir an oileáin agus Caolas na Tartaire ar a thaobh thiar. Tá Caolas La Pérouse (nó Caolas Sōya) idir Shacailín agus Hokkaido na Seapáine. Sa bhliain 2005 bhí timpeall is 580,000 duine ina gcónaí ar an oileán. Is é Yuzhno-Sakhalinsk príomhchathair Chúige Shacailín agus an baile is mó ann.

Tá úinéireacht an oileáin faoi chaibidil idir an Rúis agus an tSeapáin le cúpla céad bliain anuas. Le linn dhá thréimhse bhí na Seapánaigh i réimeas ar dheisceart an oileáin agus na Rúisigh sa tuaisceart. Tháinig deireadh le smacht na Seapánach ar an oileáin den dara huair ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1945. Ag an am sin, na 300,000 Seapánach agus Cóiréach a bhí ina gcónaí ar Shacailín, chuir na Sóivéadaigh ag obair iad ar feadh 5 bliana sular cuireadh ón oileán iad. Ba shin sa bhliain 1951 agus Conradh San Francisco sínithe idir an tAontas Sóivéadach agus an tSeapáin. Ghéill na Seapánaigh a smacht ar an oileán sa chonradh sin ach níor aithin siad úinéireacht na Sóivéadach (ná aon dream eile) ar Shacailín. Na hAidhniúigh a bhí dúchasach ar an oileán, thug siad a n-aghaidh ar an tSeapáin.

72,492 ciliméadar cearnacha achar an oileáin agus mar sin is é Sacailín an 23ú oileán is mó ar domhan.