Aigéad fíteach
Jump to navigation
Jump to search
Stór fosfair atá i láthair i ngránaigh is léagúim is ea aigéad fíteach. Tugtar heicseafosfáit ionóisitóil air freisin. Is féidir leis nascadh le mianraí cosúil le cailciam, iarann is sinc lena mbithinfheidhmeacht siúd a laghdú. Mar thoradh, is féidir nach mbeidh an t-iarann chomh hinfheidhme ó fhoinsí plandúla is a bheadh ó fhoinsí ainmhíocha. Is féidir a infheidhmeacht a mhéadú, áfach, trí vitimín C a ionghabháil ag an am céanna.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |