Jump to content

Tuilsce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 03:19, 25 Meitheamh 2023 le HusseyBot (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTuilsce

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 47′ 00″ N, 8° 15′ 00″ O / 53.7833°N,8.25°W / 53.7833; -8.25
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde60 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1414425

Baile beag i gContae Ros Comáin is ea Tuilsce[1] (Tulsk as Béarla).

Príomhshráid Thuilsce, Co. Ros Comáin, 4 Bealtaine 2005.

Tá sé suite san áit a dtrasnaíonn an bóthar N61 an príomhbhóthar náisiúnta N4, agus é ag rith idir an N3 sa Longfort agus Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo. 19km ó dheas ar an N62 uaidh tá Baile Ros Comáin, agus tá an dara baile is mó sa chontae, Mainistir na Búille, 24km ó thuaidh ó Thuilsce ar an mbóthar céanna. Tá pleananna ann faoi láthair chun seachród timpeall an bhaile a chur leis an N4.

Is é Tuilsce an baile is cóngaraí don tsuíomh fhinscéalach seandálaíochta Ráth Cruacháin, áit a raibh cónaí ar an mBanríon Méabh (Maeve, Medb) agus Muireagán (Morrigan), agus is ansin a thosnaíonn imeachtaí Tháin Bó Cuailgne, príomhthéacs na Rúraíochta, a d'aistrigh Thomas Kinsella go Béarla. Tá leagan giorraithe den scéal ar fáil i Nua-Ghaeilge sa leabhar úd Laochas le Séamas Ó Searcaigh.