Óráidíocht
Is éard atá i gceist le óráidíocht[1] ná scileanna cainte agus argóna, nó caint phoiblí chun cúis speisialta éigin a chur chun cinn de ghnáth.[2]
Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt. Bíonn feidhm níos suaraí leo freisin — le holc agus bréaga a scaipeadh, leis an dubh a chur ina gheal, le paisin fhuafara a chorraí.[3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa domhan clasaiceach, bhí an óráidíocht ar na healaíona is mó meas.
Modhanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá iliomad teicnící agus coinbhinsiúin ann agus daoine i mbun óráide a scríobh. Cuid mhaith acu, táid chomh sean le scoileanna óraidíochta agus reitric ársa na Gréige agus na Róimhe. Tá ár gcumarsáid bunaithe ar scéalta, bíodh scéal le hinsint agat mar sin.[4]
Is cóir go gcuireadh óráid cumasach ag smaoineamh tú agus ar a laghad miongháire a spreagadh ionat. Nó gáire fiú. Agus ba chóir go ngríosfadh ard-óráid ag ceannaire spreagúil chun gnímh tú, mar sh. ótá a chaitheamh, nó ul i mbun feachtais.
Óráidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aitheasc Gettysburg, 1863
- I Have a Dream, óráid de chuid Martin Luther King, 1963
- Ich bin ein Berliner, JFK, 1963
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Speakers' Corner, suite i Hyde Park, Cathair Westminster
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An leabhar, Óráidí a Chuaigh i gCion,[5] le Aibhistín Ó Duibh (Leabhar Breac)[6] Sa chnuasach seo, tá os cionn leathchéad óráid, óráidí a tugadh ó aimsir Mhaois anuas go dtí Éire na linne seo. Tá idir mhór-óráidí ann — ó leithéidí ó leithéidí Pheiricléas, Abraham Lincoln, Éamon de Valera, Franklin D. Roosevelt, srl
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó óráidíocht phoiblí; i mBéarla, public speaking, speeches, speech-making srl
- ↑ "An Foclóir Beag: óráidí" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2024-09-27.
- ↑ Darach Ó Scolaí (2020-10-29). "Óráidí" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2024-09-27.
- ↑ Derek Mooney / RTÉ (2024-09-03). "What makes a good political speech?" (as ga-IE).
- ↑ "Óráidí a Chuaigh i gCion" (en-US). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2024-09-27.
- ↑ 978-1-909907-63-8