YouTube

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
YouTube
Logo Youtube.svg
Saghas Comhlachta Fochuideachta (Google Inc.)
Bunaithe Feabhra 2005
Suíomh San Bruno, California, SAM
Tír(Tíortha) {{{tír}}}
Daoine Lárnacha Chad Hurley,
Steve Chen,
Jawed Karim
Méid fostaithe  ?
Tionscail Craoltóireacht, comhroinnt físeáin
Láithreán Gréasáin youtube.com

Is suíomh gréasáin comhroinnte físeán é YouTube, ar ar féidir le húsáideoirí físeáin a uaslódáil agus a chomhroinnt, chomh maith le féachaint ar na físeáin chéanna. Chuir iarfhostaithe de chuid PayPal tús leis sa bhliain 2005, ach is fochuideachta de chuid Google é anois ó cheannaigh an comhlacht sin é ar $1.65 billiún i Samhain 2006. Tá ceanncheathrú an chomhlachta suite in San Bruno, California agus úsáideann siad teicneolaíocht Adobe Flash Video chun réimse leathan d'ábhair físeáin a thaispeáint. Bíonn an chuid is mó de na físeáin á gcruthú ag na húsáideoirí féin agus bíonn gearrthóga scannán, gearrthóga teilifíse agus físeáin cheoil ina measc, chomh maith le hábhar amaitéarach amhail físbhlaganna agus ábhar bunaidh físeán na n-úsáideoirí féin. Is áis é atá saor in aisce agus ní gá clárú ar an suíomh le féachaint ar na físeáin, cé gur gá clárú le breathnú ar fhíseáin shrianta áirithe.

Stair[athraigh | edit source]

D'fhorbair Meiriceánaigh darb ainm Steve Chen, Chad Hurley agus Jawed Karim YouTube i rith 2005, chun comhroinnt físeán a éascú ar an Idirlíon.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Ceanncheathrú YouTube in San Bruno, California.