HTML

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sampla bunúsach

Is í an Theanga Mharcála Hipirtéacs, nó HTML (gíorrúchán ar HyperText Markup Language) ceann de na teangacha marcála is bhunúsaigh san Idirlíon. Úsáidtear an theanga chun marcáil a dhéanamh ar cháipéisí agus is féidir le brabhsálaithe Ghréasáin an teanga seo a thuiscint is na cáipéisí a thaispeáint de réir an mharcála, le ceannlínte, cló Iodálacha, íomhánna, srl.

Úsáid[athraigh | edit source]

Úsáidtear lipéid chun a téacs a mharcáil, mar is cosúil i ngach teanga mharcála. Is iad na lipéid
agus
a úsáidtear chun na ceannteidil is mó a dhealú i HTML. Úsáidtear na lipéid
agus
(nó
agus
) chun ceannteidil atá níos lú ná an príomh-cheannteideal, ach ag an am céanna níos mó ná corp an téacs, a dhealú. Is é is brí leis an 'H' sna lipéid seo ach heading.

Cuirtear na lipéid
agus
isteach ag tús agus ag deireadh gach alt den ghnáth-théacs agus fágtar líne folamh idir na haltanna mar gheall ar sin. Úsáidtear an lipéad
(break an Bhéarla) chun an líne reatha téacs a chríochnú agus líne nua a thosnú. Níl aon ghá le leathchúpla ag
agus mar sin is ceann den bheagán lipéad sa HTML a sheasann ina aonar.

Stair[athraigh | edit source]

Ní raibh leagan HTML 1.0 ann riamh mar ag an am ní raibh leagan caighdeánaithe den teanga ar fáil. Ag deireadh 1993, tosaíodh an obair ar chomharba HTML, ar a tugadh HTML+ níos déanaí.

Éabhlóid[athraigh | edit source]

Tar éis an leagan HTML 4.0, ní bheidh níos mó leaganacha ar fáil. Tá úsáid HTML ar leathanaigh Idirlín á athchur le XHTML, is é sin cáipéis HTML scríofa mar fheidhmchlár XML 1.0. Tá dhá leagan den XHTML ar fáil faoi láthair, 1.0 agus 1.1.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]