Blag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinBlag
Cuid dean tIdirlíon Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is weblog, blog nó, as Gaeilge, blag ann ná dialann phearsanta nó pholaitiúil ina ndáiltear eolas agus ina dtugtar cuireadh do dhaoine eile a mbarúil a nochtadh faoina bhfuil ann.[1]

Sainmhíniú eile ná dialann idirlín, nó leathanach gréasáin a gcuirtear iontrálacha nua leis i rith an ama, agus na hiontrálacha á gcur ar taispeáint ionas gurb í an iontráil is úire an ceann is airde thuas.

Tá an focal féin, blog as Béarla, bunaithe ar an téarma weblogweb logbook, is é sin, logleabhar gréasáin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir a rá gurbh é an nuachtghrúpa (is éard is nuachtghrúpa ann ná an téarma a thagraíonn do chláracha plé ar an gcóras úd Usenet) "mod.ber" an chéad bhlag a bhí ann riamh. Ba é Brian E. Redman a bhunaigh an nuachtghrúpa seo sa bhliain 1983. Bhí úsáid an fhóraim díospóireachta á baint as cosúil leis na nuachtghrúpaí eile, ach ba nós le Redman achoimrí tráthrialta a thabhairt ar na diospóireachtaí deireanacha agus ar rudaí spéisiúla eile a bhí ar siúl ar an Usenet. Níor mhair "mod.ber" ach ocht mí.

Thosaigh na dialanna Idirlín nó cíona lae lín (focal eile ar dialann isea 'cin lae') ag dul i bhfairsinge timpeall na bliana 1994, ach níor cumadh an téarma sin "blog" ach sa bhliain 1999. Ba é Jorn Barger a cheap an téarma "weblog", agus is éard a bhí i gceist aige ná fíor-logleabhar gréasáin, is é sin, dialann scimeála Idirlín ina dtugadh sé cur síos ar rudaí spéisiúla éagsúla ar tháinig sé trasna orthu ar a chamchuairt ar an nGréasán. Ba é Peter Merholz, áfach, a rinne an athanailis ar an bhfocal "weblog" mar "we blog", agus go gasta ina dhiaidh sin, thosaigh na daoine ag tagairt don "bhlagáil", is é sin, ag baint úsáide as an mbriathar úd to blog sa chiall "do logleabhar gréasáin a leasú, ábhar nua a chur leis".

Faoin am sin a chuaigh na blaganna i bhfairsinge, agus bunaíodh láithreáin Ghréasáin a bhí deartha le haghaidh bhlagadóirí, agus iad ag tairiscint uirlisí agus bogearraí le haghaidh blagála. Ba é Open Diary, a hosclaíodh i Mí Dheireadh Fómhair 1998 a chruthaigh an chéad phobal gréasáin do scríbhneoirí dialainne ar líne. An bhliain ina dhiaidh sin, bhunaigh Brad Fitzpatrick, ceannródaí blagála, an pobal Gréasáin úd LiveJournal. Ba iad Evan Williams agus Meg Hourihan a chuir tús le Blogger.com sa bhliain chéanna.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Blaganna as Gaeilge: Tá liosta de na blaganna le fáil anseo[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Breandán Delap (2012). "Ar an taifead (Cois Life)". 1lib.domains. Dáta rochtana: 2022-04-22.[nasc briste go buan]
  2. "Indigenous Blogs: Gaeilge". indigenousblogs.com. Dáta rochtana: 2022-04-23.