Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinAimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne
URLhttps://url.spec.whatwg.org/ Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm gearrURL Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcaighdeán teicniúil Cuir in eagar ar Wikidata
CeadúnasCreative Commons Attribution 4.0 International (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Forbróir gréasáinInternet Engineering Task Force (en) Aistrigh agus Web Hypertext Application Technology Working Group (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne (Béarla: Uniform Resource Locator, URL) ann ná cineál Aitheantóir Aonfhoirmeach Acmhainne a chuireann in iúl cá bhfuil acmhainn áirithe le fáil agus conas is féidir teacht ar an acmhainn sin. Sa ghnáthchaint, is minic a thugtar URL ar an seoladh gréasáin, cé go bhfuil an úsáid sin beagáinín mícheart.

Ba é Tim Berners-Lee a d'fhorbair comhréir an aimsitheora aonfhoirmigh acmhainne, mar chuid den aitheantóir aonfhoirmeach acmhainne, thiar sa bhliain 1994. Níl sé sásta inniu leis an dóigh a mbaintear úsáid as na poncanna san aimsitheoir, agus é den bharúil go mbeadh sé níos fearr fanacht i dtuilleamaí na slaiseanna amháin. Níl sé sásta leis an tslais dhúbailte a chuirtear ar lorg an http: sna seolta gréasáin ach an oiread.

Cibé scéal é, is mar seo a chuirtear an t-aimsitheoir tipiciúil i dtoll le chéile:

  • I dtús, tugtar ainm an phrótacail a úsáidtear, nó an scéimainm;
  • agus ansin, ag brath ar an scéim a úsáidtear, an t-óstainm (ainm an óstríomhaire) nó an seoladh prótacail idirlín (seoladh IP);
  • an uimhir phoirt;
  • ainm cosáin an chomhaid atá le breathnú nó an ríomhchláir atá le rith;
  • teaghrán iarratais, le haghaidh ríomhchláir áirithe ar nós na scripteanna comhéadain choitinn geataí;
  • agus, más comhad HTML atá ann, is féidir go bhfuil ancaire ann: ansin, in áit an comhad a thaispeáint ó thús, rachfar san áit den chomhad a bhfuil an t-ancaire ag tagairt di.

Mar sin:

cineál_acmhainne://ainm_úsáideora:pasfhocal@fearann:port/ainmanchosáingodtíancomhad?teaghrán_iarratais#ancaire