William Bedell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThe Right Reverend (en) Aistrigh
William Bedell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1571 (Féilire Ghréagóra)
Bás7 Feabhra 1642
70/71 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Gníomhaíocht
Gairmsagart, aistritheoir, aistritheoir an Bhíobla Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Laidin agus Béarla
Teaghlach
AthairJohn Bedell  agus Elizabeth Elliston

Cléireach Sasanach, fear léannta agus daonnachaí ab ea William Bedell, nó Uilliam Beidil (Nollaig 1571 - 7 Feabhra 1642).[1][2][3][4] Bhí Bedell i bhfeighil aistriú an tSean-Tiomna go Gaeilge agus cor cinniúnach i stair na tíre agus i stair na Gaeilge ab ea foilsiú Shean-Tiomna Bedell sa bhliain 1682.[5]

Saol corrach a bhí ann sna 1640idí ach thuill Bedell meas an phobail Phrotastúnaigh agus an phobail Chaitlicigh, an rud is annamh is iontach. Mar sin féin, tugadh drochíde ar Bedell i rith na réabhlóide sa bhliain 1641. Ach nuair a bhásaigh Bedell i 1642, bhronn na reibiliúnaigh Gaelacha “gach onóir” a d’fhéadfaidís a bhronnadh ar William Bedell.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Black Notley, Essex, a rugadh Bedell, mac feirmeora, i mí na Nollag 1571. Piúratánaigh ba ea a thuismitheoirí, John ‘yeoman’, agus Elizabeth Aliston nó Elliston. Bhí ceathrar leanaí acu. Bhí allaire (iarracht de bhodhaire) ar William.[6]

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gColáiste Emmanuel in Cambridge, coláiste a raibh cáil an phiúratánachais air, a bhain sé céimeanna BA (1589 agus in aois 18 dó) agus MA amach. Ceapadh mar chomhalta teagaisc é i 1593, agus in aois 21 dó.

Sasana agus Poblacht na Veinéise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oirníodh Bedell ina shagart sa bhliain 1597. Bhain sé dochtúireacht le diagacht amach in 1602 agus fuair paróiste Bury St Edmonds, Suffolk.

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Sa bhliain 1607 ceapadh é ina shéiplíneach ar Sir Henry Wotton, ambasadóir Sasanach ansin sa Veinéis. D'fhan sé ann ar feadh ceithre bliana, agus cáil mhór air mar scoláire agus diagaire. D’fhoghlaim sé Iodáilis agus d’aistrigh an Book of Common Prayer go hIodáilis. Agus le linn an tréimhse seo, chuir sé go mór lena eolas ar an Eabhrais de bharr a chaidrimh le raibithe.

Ar ais i Sasana dó, bhí sé anseo is ansiúd in Sussex agus in Essex go dtí 1626. Phós sé baintreach, Leah Mawe, in 1611; bhí clann aici cheana féin agus rugadh iníon agus triúr mac dóibh. Meastar gur toisc gur phiúratánach é nár tugadh aon chéim suas dó i Sasana féin.

An Chill Mhór (An Cabhán)

Saol in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áit adhlacthaː Tá Bedell curtha sa Chill Mhór i gContae an Chabháin

Ceapadh Beidil mar phropast ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 1627. Ní raibh sé riamh in Éirinn cheana agus baint ar bith leis an tír. Piúratánach ba ea Ardeaspag Ard Mhacha ag an am, James Ussher, agus ba é a mhol don Rí Séarlas I go gceapfaí Bedell ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide. Tháinig siad ar chomhréiteach, agus Ussher ag súil le Piúratánach cruthanta. Ach bhí Ussher sásta ag an am céanna go mbeadh scoláire Eabhraise sa Choláiste faoi dheireadh. Cé go raibh 55 bliana d’aois ag Bedell ag an am, thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge. Chuir Bedell rialacha nua i bhfeidhm ann, ar cheann díobh go bhfoghlaimeodh na mic léinn diagachta ar Ghaeil iad léamh agus scríobh na Gaeilge; bhí orthu freisin freastal ar urnaithe poiblí i nGaeilge ar an Domhnach.

Coisriceadh Bedell ina easpag na Cille Móire de chuid Eaglais na hÉireann sa bhliain 1629.

Ba iad Muircheartach Ó Cionga a rinne formhór an aistriúcháin faoi threoir Bedell sna 1630idí.[7] Bhí Gaeilge á múineadh aige i gColáiste na Tríonóide ag an am.[8].

Éirí Amach 1641 / 1642[cuir in eagar | athraigh foinse]

drochíde le linn Éirí Amach 1641.

Cuireadh moill ar fhoilsiú an leagain Gaeilge den Bhíobla mar gheall ar Éirí Amach 1641.

Níor thréig Bedell a dheoise ach thug sé dídean do theifigh Phrotastúnacha. Gabhadh Bedell i ndeireadh na dála. Níor caitheadh go dona leis, b'fhéidir, ach faoi strus, tholg an t-easpag féin fiabhras. Nuair a bhásaigh sé, bhronn na reibiliúnaigh Gaelacha “gach onóir” a d’fhéadfaidís a bhronnadh ar William Bedell.[5]

Cuireadh 500 cóip den Bhíobla i gcló ar deireadh i Londain ... sa bhliain 1685.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "BEDELL, William (1571–1642)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  2. "Bedell, William | Encyclopedia.com". www.encyclopedia.com. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  3. Patrick Comerford (2012-10-25). "Dead Anglican Theologians Society: 16: William Bedell (1571-1642), Caroline Divine and translator of the Bible into Irish". Dead Anglican Theologians Society. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  4. "William Bedell 1571–1642" (en). www.evangelical-times.org. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  5. 5.0 5.1 Méabh Ní Thuathaláin. "‘Coinnímis in Éirinn é’ – feachtas ar bun chun an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  6. "Rare book of the week: William Bedell, a pioneer of tolerance" (en-GB). www.emma.cam.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  7. NÓS. "Teach ina bhfuil an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna curtha ar díol" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  8. "Ó CIONGA, Muircheartach (c.1562–c.1639)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-07.