James Ussher

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scoláire is ardeaspag Ard Mhacha, a saolaíodh i mBaile Átha Cliath, duine de na fo-chéimithe tosaigh i gColáiste na Tríonóide ab ea James Ussher (1581-1656). Diagacht Chailvíneach a bhí aige, agus cáineadh é de bhrí gur cheadaigh sé iolrachas is gur chuir i gcoinne aistriú Gaeilge Bedell ar an mBíobla. Scríobh sé go fairsing ar stair eaglasta, diagacht is luathstair na hÉireann. Ina phríomhshaothar Annales Veteris et Novi Testamenti (Annála an tSean-Tiomna is an Tiomna Nua, 1650-1654) shaothraigh sé córas cróineolaíochta ón mBíobla a d'áirigh dáta na Cruthaíochta mar 4004 RC, agus glacadh leis seo ar feadh cúpla céad bliain. Tar éis a bháis chinn an Rí Searlás II go gcuirfí a stór leabhar i gColáiste na Tríonóide.