An Bíobla as Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Bíobla Naofa

Bhí aithne ag na Gaeil ar an leagan Laidine den Scrioptúr Naofa ón uair a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn sa chúigiú haois. Ach ní raibh aon leagan Gaeilge den Bhíobla ann go dtí deireadh na séú haoise déag, tráth ar bheartaigh an Eaglais Bhunaithe, Eaglais na hÉireann, an Tiomna Nua a aistriú.

Cor cinniúnach i stair na tíre agus i stair na Gaeilge ab ea foilsiú Shean-Tiomna Bedell sa bhliain 1682.[1] Chomh maith céanna, bhain conspóid mhór le foilsiú an tSean-Tiomna i nGaeilge i lár an 17ú haois. Níor cheadaigh an eaglais Chaitliceach aistriúcháin ón Laidin ar an Bhíobla. Ag an am céanna, cheap Eaglais na hÉireann gur cheart gur i mBéarla seachas i nGaeilge ba chóir paidreacha na hEaglaise Protastúnaí a bheith á léamh ag muintir na hÉireann. Mar sin ní raibh deis ag an Bíobla as Gaeilge dul i gcion ar dhaoine in Éirinn, Is mór idir an scéal seo agus stair na Breataine Bige

16ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ullmhaíodh cló-aghaidh Ghaelach chuige seo agus ba é Seán Ó Cearnaigh a d’úsáid í chun Aibidil Gaoidheilge agus Caiticiosma a phriontáil. Eisean agus beirt chléireach eile, Nioclás Bhailís agus Fearganainm Ó Domhnalláin, a chuir tús leis an obair aistriúcháin féin. Ach ba é Uilliam Ó Domhnaill, a bhí le bheith ina Ardeaspag ar Thuam ina dhiaidh sin, a chuir an obair i gcrích agus a d'fhéach chuige gur foilsíodh an leabhar.

Maítear go bhfuil an leagan Gaeilge seo den Tiomna Nua bunaithe ar an mbuntéacs Gréigise, rud a thugann léamh mionchruinn an téacs le fios chomh maith.

Chuaigh an Domhnallach go Londain chun cóip den leabhar a bhronnadh ar Eilís I. Ach ní fios ar tugadh an leabhar di sular shíothlaigh sí.

William Bedell curtha sa Chill Mhór i gContae an Chabháin

Leagan Walsh agus Bedell[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1630í, i ndiaidh do William Bedell é a spreagadh chun oibre, chrom Muircheartach Ó Cionga ar an Sean-Tiomna a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, agus é i dtuilleamaí Bhíobla Shéamais mar bhuntéacs.[2]

Cé gur cailleadh Bedell sula ndeachaigh an leagan seo i gcló, níor ligeadh an saothar i ndearmad.[3] Thug Denis Sheridan agus Henry Jones don iar-Íosánach Andrew Sall é.

In Oxford a bhí cónaí ar Sall. Ach d’fhill sé ar Éirinn nuair a d’iarr Robert Boyle air cuidiú le haistriú na scrioptúr go Gaeilge. D’íoc Boyle as Tiomna Nua Uí Dhomhnaill a chur in athchló. Scríobh Sall réamhrá i mBéarla don leabhar seo a bhí bunaithe ar an mbrollach i dTiomna Nua Fraincise na Jansenach.

Cé gur scoláirí Éireannacha ó Choláiste na Tríonóide a scríobh an Tiomna Nua seo (an dara leagan Gaeilge), is i Londain a foilsíodh é, sa bhliain 1682. Robert Everingham a d’fhoilsigh é, agus baineadh úsáid as cló-aghaidh nua Ghaelach a d’ullmhaigh Joseph Moxton.

Trí bliana ina dhiaidh sin, d’fhoilsigh Everingham an leagan Gaeilge den Sean-Tiomna. Ba le hairgead Boyle a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den tSean-Tiomna i 1685.[1]

Arís, is i mBaile Átha Cliath a scríobhadh agus i Londain a foilsíodh é. Ba é Aodh Ó Raghallaigh, scoláire Éireannach a d’fhostaigh Boyle, a chuir an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua in eagar faoi aon chlúdach amháin sular cuireadh i gcló iad. Bhí na hApacrafa i leagan Bedell. Ach ó tharla gur Phiúratánach é Boyle, chuir sé in aghaidh a bhfoilsithe. Foilsíodh 500 cóip de Shean-Tiomna Bedell, agus tháinig 420 de na cóipeanna sin go hÉirinn, cé gur scriosadh formhór na mbíoblaí sna blianta ina dhiaidh sin.[1]

Sa bhliain 1690, réitigh agus d’fhoilsigh Robert Kirk eagrán de Thiomna Nua Uí Dhomhnaill agus de Shean-Tiomna Bedell sa chló Rómhánach; Boyle a d’íoc as arís. Bhí sé beartaithe an leabhar seo a úsáid in Albain. Ach níor thuig na hAlbanaigh an cineál Gaeilge a bhí ann. (Níor tiontaíodh an Bíobla ina iomláine go Gaeilge na hAlban roimh an mbliain 1801).

Cé gur "Bíobla Bedell" a thugtar air go minic, tá aistriúcháin den Tiomna Nua, a rinne Ardeaspag Thuama, William Daniel, tríocha bliain roimhe sin ar fáil ann. Ba é an t-aon aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an Bhíobla go ceann 300 bliain eile.

Ba é an leagan 1817 de “An Bíobla Naomhtha,” a cuireadh i gcló i Londain sa chló Rómhánach, an chéad fhoilsiú de Shean Tiomna Bedell agus de Thiomna Nua Uí Dhomhnuill a d'fhoilsigh Cumann Bíoblóireachta na Breataine agus na Coigríche.

Bunaithe ar an mbeagán athbhreithnithe a rinneadh i leagan 1690, rinneadh breis athbhreithnithe i leagan 1817, a chuir crot air a bhí níos gaire do Leagan Rí Shéamuis. Ar aon dul le forbairtí teangan sa Ghaeilge, rinneadh friotal agus graiméar leagan 1690 a thabhairt suas chun dáta.

Gaeilge an léinn agus de chuid seanchaighdeán clasaiceach liteartha na Nua-Ghaeilge atá san fhoilsiúcán seo. Ba mhór idir í sin agus caint na ndaoine ag an am; is mó fós de dhifríocht atá idir í agus nuaGhaeilge na linne seo. Cruthaíonn an Ghaeilge stairiúil sin deacrachtaí do léitheoirí an lae inniu - deacrachtaí atá ar aon dul leis na deacrachtaí a bhainfeadh le léamh Shakespeare sa Bhéarla.

Cuireadh Bíobla Uí Dhomhnaill agus Bedell i gcló arís agus arís eile le linn na naoú haoise déag. Is mór an úsáid a bhain na Caitlicigh féin as chomh maith.

Translation John (Eoin) 3:16
An Bíobla Naomhtha (Bedel version, from reprint in 1817) Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éinghein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Peadar Ua Laoghaire, 1839–1920

Peadar Ua Laoghaire, 1915 - 1924[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fholisigh Peadar Ua Laoghaire

  • Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua, 1915
  • An teagasg críosdaidhe
  • Gníomhartha na nAspol, 1922
  • Sgéalaidheachta as an mBíobla naomhtha, 1924

Pádraig Mac Giolla Cheara, 1943 - 1961[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1943 d’fhoilsigh Comhaltas Uladh An Scrioptúir Naomhtha: na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal arna n-aistriú ag an Athair Pádraig Mac Giolla Cheara.[4]

Earnán de Siúnta ,1951[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’athchóirigh Earnán de Siúnta aistriúchán Uí Dhomhnaill. I 1951 d’fhoilsigh an Hibernian Bible Society i mBaile Átha Cliath Tiomna Nua ár dTighearna agus ár Slánaightheora Íosa Críost do hathscríobhadh as Gaedhilg na haimsire seo le Earnán De Siúnta (An Buachaillín Buidhe) ón Tiomna Nua a d’aistrigh Uilliam Ó Domhnaill, Ardeaspog Thuaim, ón nGréigis i mbliadhain 1602.[5]

Ó Cuinn, 1970[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thar cionn Eaglais na hÉireann rinne Cosslett Ó Cuinn aistriúchán úr ar an Tiomna Nua ón nGréigis agus ón "Standard Revised Edition" agus foilsíodh sa bhliain 1970 é.

Ollscoil Mhá Nuad

Má Nuad, 1981[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi stiúir Phádraig Uí Fhiannachta, foilsíodh i Má Nuad sa bhliain 1981 an chéad aistriúchán Caitliceach den Bhíobla ina iomláine (na leabhair Dheotracanónta san áireamh) ó na bunteangacha inar scríobhadh é.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Méabh Ní Thuathaláin. "‘Coinnímis in Éirinn é’ – feachtas ar bun chun an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  2. "BEDELL, William (1571–1642)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  3. Méabh Ní Thuathaláin (2020). "‘Coinnímis in Éirinn é’ – feachtas ar bun chun an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  4. Cathal Ó hÁinle (Léachtaí Cholm Cille XLVIII, 95-104.). "Pádraig an Bhíobla" (ga). Léachtaí Cholm Cille. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  5. "DE SIÚNTA, Earnán (1874–1949)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  6. "'An Biobla Naofa' on the Internet". web.archive.org (2013-12-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-12-26. Dáta rochtana: 2020-10-01.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Bíobla in Éirinn, Leachtaí Cholm Cille XX, Má Nuad, 1990
  • Breatnach, Deasún, Bedell and the Irish version of the Old Testament, Conradh na Gaeilge, 1971
  • McCaughey, Terence, Dr Bedell and Mr King : the making of the Irish Bible, Dublin Institute for Advanced Studies, School of Celtic Studies, 2001
  • Ó Glaisne, Risteárd, Cosslett Ó Cuinn, Coiscéim, 1986
  • Williams, Nicholas, 'The Bible in Irish', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd, 2003
  • Williams, Nicholas, I bPrionta i Leabhar, An Clóchomhar, 1986

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]