An Daonnachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lógó Daonnachach "An duine sona".

Is corpas d'fhealsúnachtaí agus de pheirspictíochtaí eiticiúla é an Daonnachas a leagann béim ar ghíomhaíocht agus luach an duine, ina n-aonar agus le chéile, agus go ginearálta bíonn tábhacht níos mó a chur ar réasúnú réasúnach agus fianaise ná ar chreideamh daingean nó ar chloí le prionsabal. Le linn tréimhse an Renaissance in Iarthar na hEorpa rinne gluaiseachtaí na ndaonnachaithe iarracht tairbhí an léinn a léiriú, ó na foinsí clasaiceacha, agus réamh-Chríostaí , a bhí roimhe sin, neamh-fhaofa ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach. Sna linne seo, tá go leor gluaiseachtaí daonnacha ailínithe go láidir leis an aindiachas, agus úsáidtear an téarma 'An Daonnachas' go minic mar fhorfhocal, i gcomhair na gcreideamh neamh-dhiachúil, faoi smaointe faoin ngré spioradálta, mar shampla brí agus cuspóir na beatha.Is féidir leis an téarma "An Daonnachas" bheith débhríoch, agus bíonn mearbhall leanúnach ann idir na húsáidí éagsúla a bhaintear as an téarma toisc go raibh baint ag ghluaiseachtaí éagsúla intleachtúla leis thar na bliantaibh.

San fhealsúnacht agus sna heolaíochtí sóisialta, tagraíonn "An Daonnachas" do pheirspictíoch a dhearbhaíonn coincheap áirithe de "nádúr an duine" (i gcodarsnacht leis an Fhrith-dhaonnachas). Díorthaíonn an focal "daonnachaí " as an focal "umanista", téarma Iodáilise de chuid an 15ú haois, a dhéanann cur síos ar mhúinteoir nó scoláire na litríochta clasaiceacha Gréigise agus Laidine agus an fhealsúnacht eiticiúil taobh thiar dí (lena n-áirítear an cur chuige daonnachtaí).

Sa bhliain 1856, fós sula raibh baint ag an fhocal leis an saoltachas, bhain an Gearmánach agus an focleolaí Georg Voigt úsáid as chun cur síos a dhéanamh ar dhaonnachas an Renaissance, an ghluaiseacht a bhí faoi rath agus bláth le linn Renaissance na hIodáile chun an léinn chlasaicigh a athmhúscailt (glacadh leis an sainmhiniú seo go forleathan i measc staraithe i go leor náisiúin ). Le linn Réabhlóid na Fraince, agus go luath tar éis sin sa Ghearmáin (ag na hHéigealaigh Clé), thagair an daonnachas d'fhealsúnachtaí agus do mhoráltacht a bhíonn dírithe ar an chine daonna, gan aird a thabhairt ar aon tuairimí diagacha. Timpeall an ama nuair a thosaigh an ghluaiseacht Eiticiúil ag baint úsáide as an focal sna 1930í, diaidh ar ndiaidh, b'ionann an téarma "daonnachas" agus "saoltachas" agus ar deireadh "An Daonnachas", nó an daonnachas saolta (gluaiseacht sách-nua, a rugadh in Ollscoil Chicago).

Déanann "an Daonnachas" cur síos ar an idé-eolaíocht saolta a ghabhann leis an réasún, an eitic, agus an cheartas, agus a ndiúltíonn go sonrach smaointe osnádúrtha agus creidimh mar bhonn leis an mhoráltacht agus le chinntí a dhéanamh. D'eascair an daonnachas reiligiúnach as eagraíochtaí reiligiúnacha liobrálacha a d'fhorbair i dtreonna daonnachaíocha níos mó. Is éard is an daonnachas reiligiúnachh ná comhtháthú ar leith d'fhealsúnacht eiticiúil dhaonnachaíoch leis na deasghnátha agus creidimh de roinnt reiligiún faoi leith, cé go bhfuil an daonnachas reiligúnach dírithe fós ar riachtanais, spéiseanna agus cumais an duine.