Twitter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Twitter
Twitter logo.svg
Saghas Comhlachta Cuideachta phríobháideach
Bunaithe 15 Iúil, 2006 - San Francisco, California
Suíomh San Francisco, California
Tír(Tíortha) {{{tír}}}
Daoine Lárnacha Dick Costolo, Jack Dorsey
Méid fostaithe 2,700 (2013)
Tionscail An tIdirlíon
Láithreán Gréasáin twitter.com

Is láithreán líonraithe shóisialta é Twitter, a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí. Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 140 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar tweetanna, tuíteanna, tbhaoiteanna, giolcanna, tvuíteannatweets as Béarla. Cruthaíodh Twitter i Mí an Mhárta na bliana 2006 ag Jack Dorsey, agus tá céad mhilliún úsáideoir sroichte acu. Tá Dick Costolo ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Twitter, le ceanncheathrú acu i San Francisco, California.

Úsáidtear Twitter chun ceoltóirí, aisteoirí agus daoine cáiliúla eile a leanúint. Ós rud é go gcuirtear srian ar líon na gcarachtar in aon phostáil (nó "tweet"), déantar cur síos uaireanta air mar "SMS (Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí) an Idirlín". Sampla de dhaoine cáiliúla atá gníomhach ar Twitter ná Britney Spears agus Ashton Kutcher.

Stair[athraigh | edit source]

Ar dtús, bhí Twitter á úsáid ag fostaithe na cuideachta Odeo, go dtí gur osclaíodh an lán-leagan poiblí ar an 15 Iúil, 2006. Bunaíodh Twitter mar chuideachta ina aonar i mí Aibreáin 2007. Ar an 14 Meán Fómhair, 2010, d'athraigh Twitter dearadh an láithreáin agus tugadh lógó nua isteach. D'éirigh Twitter an-choitianta tar éis an '2007 South by Southwest festival'. Bhí 60,000 tweet gach lá tar éis na féile.

Foclaíocht[athraigh | edit source]

Bíonn daoine ag giolcaireacht, ag giolcadh nó ag tweetáil ar an suíomh (ón bhfocal Béarla tweeting). Chomh maith, tugtar tbhaoiteannagiolcanna ar na teachtaireachtaí aonracha, bunaithe ar an bhfocal Béarla tweet(s).