| Saghas Comhlachta | Cuideachta phríobháideach |
| Bunaithe | Cambridge, Massachusetts (2004) |
| Suíomh | Palo Alto, California |
| Daoine Lárnacha | Mark Zuckerberg Chris Cox Sheryl Sandberg Donald Graham |
| Méid fostaithe | 3,000+ (2011) |
| Tionscail | An tIdirlíon |
| Láithreán Gréasáin | facebook.com |
Is láithreán líonraithe shóisialta[1] é Facebook, a bhunaigh Mark Zuckerberg ar 4 Feabhra, 2004.[2] Tá an suíomh seo san iomaíocht le láithreáin líonraithe shóisialta eile, amhail Bebo agus MySpace. Dar le Facebook féin go bhfuil breis is 400 milliún duine cláraithe ar an suíomh faoi láthair agus go mbíonn breis is 50% acu ag logáil isteach go laethúil.[3] Is féidir le duine ar bith a bheith ina bhall de agus tá sé faoi úinéireacht phríobháideach Facebook Inc.
Clár ábhair |
Facebook in Éirinn [athraigh]
Dé réir an staidrimh is déanaí, bhí breis is 400,000 Éireannach ina mbaill de Facebook in Eanáir 2009. Tá móramh ban i gceist leis an líon daoine seo agus tá móramh na ndaoine ar an suíomh os cionn 25 bliain d'aois chomh maith.[4]
Aistriúchán [athraigh]
Ligtear do na baill an suíomh a aistriú go dtí a dteanga dhúchais agus tá bailchríoch á cur ar an leagan Gaelach den suíomh ag na baill Ghaelacha, i láthair na huaire.[5]
Gaeilge ar Facebook [athraigh]
Labhraínn/Úsáidinn cuid mhór grúpaí ar Facebook nGaeilge agus chuig leat roghnú Gaeilge ar Facebook.
Tagairtí [athraigh]
- ↑ http://focal.ie/Search.aspx?term=social+networking
- ↑ http://www.facebook.com/facebook?ref=pf#/facebook?v=info&viewas=0
- ↑ http://www.facebook.com/press/info.php?statistics
- ↑ http://www.independent.ie/business/technology/irish-users-of-facebook-double-in-just-one-year-1592099.html
- ↑ http://www.timesonline.co.uk/tol/news/world/ireland/article5489404.ece
Naisc sheachtracha [athraigh]