Dara Ó Briain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dara Ó Briain (2007)

Is fuirseoir agus láithreoir teilifíse Éireannach é Dara Ó Briain (rugadh é ar an 4 Feabhra 1972 i gCill Mhantáin, Contae Chill Mhantáin). Tá sé ar dhuine den líon beag láithreoirí a bhíonn ag cur cláir theilifíse i láthair in Éirinn agus i Sasana araon.

Clár ábhair

Óige [athraigh]

D'fhreastail sé ar Choláiste Eoin agus ar UCD, áit ar bhain sé céim amach san Fhisic Mhatamaiticiúil.[1] Chuir sé snas ar a scileanna díospóireachta san ollscoil ansin agus duais díospóireachta The Irish Times buaite aige sa bhliain 1994. Chabhraigh sé le nuachtán rathúil na hollscoile, University Observer, a bhunú chomh maith.[1]

Tús a Shaol Oibre [athraigh]

Thuill sé clú dó féin ar dtús mar dhuine de láithreoirí an chláir dhátheangaigh do pháistí ar RTÉ, Echo Island. Chaith sé tréimhse trí bliana ag obair ar an gclár áirithe sin go dtí go bhfuair sé post mar dhuine de láithreoirí an chláir ghrinn Don't Feed the Gondolas. Bhí búnús á chur aige lena ghairm bheatha mar fhuirseoir ar a bhoinn le linn an ama sin agus seónna á gcur ar siúl aige ar fud na hÉireann agus na Breataine.

Cúrsaí i Láthair na hUaire [athraigh]

Aithnítear anois é ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe mar go mbíonn dhá chlár éagsúla á gcur i láthair aige ar an dá thaobh de Mhuir Éireann, is iad sin, 'The Panel' in Éirinn agus 'Mock the Week' i Sasana. Tá DVD amháin aige - 'Live at the Theatre Royal'. Ar an seó ar Channel 4 - '100 Greatest Stand Ups', tháinig Dara sa 42ú áit.

Sonraí Pearsanta [athraigh]

Tá sé ina chónaí go buan i Londain anois agus é tar éis a chailín Susan a phósadh sa bhliain 2006.[2] Is cainteoir líofa Gaeilge é agus bhíodh cuid den chlár Echo Island á cur i láthair i nGaeilge aige.

Tagairtí [athraigh]

  1. 1.0 1.1 ""Talking for Ireland"". Sunday Tribune (9 Meán Fómhair, 2007).
  2. ""A Life in the Day: Dara O'Briain"". The Sunday Times (15 Meitheamh, 2007).

Naisc Sheactracha [athraigh]


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.