Tomás ó Aquino
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sagart Caitliceach Iodálach ba ea Naomh Tomás ó Aquino (c. 1225 – 7 Márta 1274). É ina bhall d'Ord Doiminiceach na Seanmóirithe. Fealsamh agus diagaire a bhí ann, agus tugtar an Dochtúir Ainglí agus an Doctor Universalis air. Tá sé ar na diagairí is tabhachtaí san fhealsúnacht nádúrtha Chlasaiceach, agus chuir sé scoil fhealsúnach ar bun a dtugtar an Tómachas uirthi. Tá meas ag an Eaglais Chaitliceach air mar eiseamláir múinteora, go háirithe i ngeall ar oideachas sagart. Is é Summa Theologica a phríomhshaothar. Tá sé ar na trí dhuine dhéag is fiche a dtugtar Múinteoirí na hEaglaise orthu, agus meastar gurb é an diagaire is fearr san Eaglais.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.