Stailc agus Frithdhúnadh 1913 (Baile Átha Cliath)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bileog ón mbliain 1913 ag áitiú ar an lucht oibre gan éadaí de dhéantús na sáraitheoirí stailce a chaitheamh

Is éard a bhí i gceist le Stailc agus Frithdhúnadh na bliana 1913 i mBaile Átha Cliath ná aighneas oibreachais idir timpeall is 20,000 fear oibre agus 300 fostóir i mBaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann. Mhair an t-aighneas ón 26 Lúnasa 1913 go dtí an 18 Eanáir 1914, agus glactar leis gurbh é an díospóid thionsclaíoch ba mhó agus ba troime i stair na hÉireann. Ba é ba bhunrúta leis an aigneas ná gur theastaigh an ceart ón lucht oibre ceardchumainn a bhunú.

Ba iad Séamus Mór Ó Lorcáin agus Séamus Ó Conghaile cinnirí an lucht oibre - an chéad fhear acu is féidir a rá gurbh eisean bunaitheoir agus "athair" an cheardchumannachais agus na gluaiseachta lucht oibre in Éirinn, an dara fear acu chuaigh sé i dtáin laochra náisiúnta na hÉireann nuair a cuireadh chun báis é i ndiaidh Éirí Amach na Cásca. Ba í an diospóid seo an t-aighneas oibreachais ba mhó a tharla in Éirinn riamh, agus cé nár baineadh na cuspóirí amach, d'fhoghlaim an lucht oibre ceacht tábhachtach ceardchumannachais agus dlúthpháirtíochta a tháinig isteach áisiúil ina dhiaidh sin.

Cúlra na nImeachtaí[athraigh | edit source]

Na Plódcheantair i mBaile Átha Cliath[athraigh | edit source]

Ceann de na príomhchúiseanna leis an achrann ab ea é go raibh bochtáin na príomhchathrach i gcruachás ar fad. Sa bhliain 1913, bhí duine as an triúr i mBaile Átha Cliath ina chónaí sna plódcheantair. Bhí 30,000 teaghlach fáiscthe isteach i 15,000 tionóntán. Bhí mortlaíocht na naíonán an-ard i measc na mbocht, nó fuair 143 leanbh de gach 1000 bás ina naíonáin. Thairis sin, bhí na galair ag rith damhsa sna slumaí, chomh plódaithe is a bhí na daoine agus chomh gann is a bhí an leigheas. Ba í an eitinn an galar ab fhairsinge acu, agus í á tógáil is ag marú roimpi go sciobtha. Foilsíodh tuarascáil sa bhliain 1912 a dúirt go raibh líon na mbásanna de dheasca eitinne 50 faoin gcéad ní b'airde in Éirinn ná i Sasana agus in Albain, agus gurb ar na daoine bochta ba mheasa a shiúil an eitinn.

Ó nach raibh mórán jabanna ar fáil don sclábhaí gan scileanna, bhí an bochtanas ag dul i bhfeadánacht ar lucht oibre den chineál sin. Ní raibh aon duine ag seasamh suas dóibh sular tháinig gluaiseacht na gceardchumann ar an bhfód. Thairis sin, chaithfeadh na daoine seo dul in iomaíocht le chéile faoi gach aon jab a tharla ar fáil, agus an duine a ghabh leor leis an bpá ab ísle ba eisean a gheobhadh an post.

Séamas Mór Ó Lorcáin agus foirmiú an ITGWU[athraigh | edit source]

Ba é Séamas Mór Ó Lorcáin ceann feadhna an lucht oibre sa teagmháil, agus é i ndiaidh an-dintiúir a bhaint amach i ngluaiseacht na gceardchumann. Fuair sé an chéad taithí ar an gceardchumannachas in Éirinn sa bhliain 1917, nuair a chuaigh sé go Béal Feirste le dul i gceannas ar an gcaibidil áitiúil den NUDL, ceardchumann na ndugairí a bhí bunaithe sa Bhreatain Mhór. Roimhe sin, chaith sé seal ag obair ina dhugaire i Learphall. I mBéal Feirste dó d'eagraigh an Lorcánach stailc na ndugairí is na n-oibrithe iompair. I mBéal Feirste a d'fhorbair sé a oirbheartaíocht féin, is é sin, cur chuige na stailce comhbhá. Is é is brí le "stailc comhbhá" ná lucht oibre nach bhfuil páirteach sa choimhlint iad féin a bheith ag dul ar stailc le tacú leo siúd atá. D'éirigh go measartha leis an stailc i mBéal Feirste, agus thuill sé clú agus cáil don Lorcánach ó lucht oibre na hÉireann. Mar sin féin, bhí a chur chuige ina ábhar conspóide i measc na gceardchumannaithe féin, agus sa deireadh, cuireadh go Baile Átha Cliath é. Bhí na hoibrithe neamhsciliúla i mBaile Átha Cliath go mór mór faoi chois ag na fostóirí. An fostóir a raibh amhras air go raibh duine dá lucht oibre ag iarraidh dul i gceardchumann, d'fhéadfadh sé an fear oibre sin a chur ar an liosta dubh, ionas nach mbeadh fostóir ar bith sásta é a fhostú agus é sacáilte. Mar sin féin, chrom an Lorcánach ar na hoibrithe neamhsciliúla a bhréagadh isteach sna ceardchumainn. Cúis imní a bhí ann don NUDL, nach raibh fonnmhar achrann lánscála a tharraingt anuas orthu le fostóirí Bhaile Átha Cliath. Mar sin, cuireadh coimisiún an Lorcánaigh mar thimire de chuid an NUDL ar fionraí sa bhliain 1908. Ansin, d'fhág an Lorcánach an NUDL, agus bhunaigh sé a cheardchumann féin, Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU).

Ba é Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar na hÉireann (ITGWU) an chéad cheardchumann in Éirinn a dhírigh ar na hoibrithe sciliúla agus neamhsciliúla araon. I rith an chéad chúpla mí i ndiaidh a bhunaithe théigh croíthe an lucht oibre leis an gceardchumann go gasta, agus ní raibh sé i bhfad ag déanamh an chéad fhódú i gcathracha eile na hÉireann seachas Baile Átha Cliath. Bhí an Lorcánach ag glacadh buntáiste ar an gceardchumann lena chuid tuairimí sindeacáiteacha a chraobhscaoileadh. Chreid an Lorcánach go mbeadh sé indéanta réabhlóid Shóisialach a chur i gcrích tríd an gceardchumannachas agus an lucht oibre ag dul ar ollstailc. Ní raibh rath ar stailceanna Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar na hÉireann sna blianta 1908-1910, ach ón mbliain 1911 thosaigh ag éirí leo, agus bhuaigh siad stailceanna a raibh baint acu le carraeirí agus le lucht oibre iarnróid. Sna blianta 1911-1913, d'fhás ballra an cheardchumainn ó cheithre mhíle go deich míle duine. Chur na fostóirí gron san fhorbairt seo, nó ba ábhar míshuaimhnis dóibh an ráchairt a bhí ar an gceardchumann nua.

An Conghaileach agus Páirtí Lucht Oibre na hÉireann[athraigh | edit source]

Bhí ról tábhachtach i bhforbairt na gluaiseachta lucht oibre ag Séamus Ó Conghaile, Marxach a rugadh i nDún Éideann, Albain. Bhí bua na hóráidíochta ag an gConghaileach díreach cosúil leis an Lorcánach, agus thug na daoine aird ar a chuid óráidí sráide i mBaile Átha Cliath. Bhí náisiúnachas Éireannach á chraobhscaoileadh aige chomh maith leis an Sóisialachas. Sa bhliain 1896 bhunaigh an Conghaileach Páirtí Sóisialach Poblachtach na hÉireann chomh maith leis an nuachtán The Workers' Republic ("Poblacht an Lucht Oibre"). Sa bhliain 1910 chuaigh an Conghaileach leis an gCeardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar, agus sa bhliain 1911 cheap an páirtí ina thimire é do lucht oibre Bhéal Feirste. Sa bhliain 1912, chur an Conghaileach agus an Lorcánach Páirtí Lucht Oibre na hÉireann ar bun, páirtí a bhí ceaptha mar ghuth an lucht oibre sa pharlaimint nua Éireannach a bhí le teacht ar an bhfód de thoradh an Rialtas Dúchais (Home Rule). Mar a thit na cúrsaí amach, áfach, cuireadh an Rialtas Dúchais ar fionraí nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, agus i ndiadh Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, tháinig gluaiseacht mhíleata náisiúnaíoch chun saoil a bhí dírithe ar an neamhspleáchas iomlán a bhaint amach don tír in áit an Rialtas Dúchais. Mar sin, fágadh an pharlaimint sin sa liombó.

Uilliam Máirtín Ó Murchadha agus na Fostóirí[athraigh | edit source]

Fear gnó mór-ratha a bhí in Ó Murchadha a rugadh i mBeanntraí i gContae Chorcaí sa bhliain 1844. Sa bhliain 1913 bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhlacht Aontaithe Tramanna Bhaile Átha Cliath, agus ba leisean an siopa ilrannach Clery's chomh maith leis an óstán Imperial.[1] Bhí na nuachtáin Irish Independent, Evening Herald agus Irish Catholic faoina smacht freisin, agus bhí sé ina mhór-scairshealbhóir sa chomlacht farantóireachta B&I Line. Bhí sé ar duine den bheagán Caitliceach i saol gnó na hÉireann, ag an am nuair a deireadh le teacht leis an Chinsealacht Phrotastúnach.

Náisiúnaí tábhachtach a bhí in Ó Murchadha freisin, agus seal caite ina Theachta Parlaiminte in Westminster aige. Sa saol príobháideach bhí clú an fhir chineálta fhlaithiúil air, agus bhí pá ard ag a lucht oibre i gcomparáid leis na gnólachtaí eile.[2] Mar sin féin, bhí saol crua acu siúd a bhí ag obair dó. Chaithfeadh an lucht oibre seacht n-uaire déag an chloig a chur díobh ag obair in aghaidh an lae, má bhí gá leis. Bhí siad faoi dhiansmacht an fhostóra agus faoi dhiansúil an bhrathadóra. Bhí Ó Murchadha go mór mór in aghaidh na gceardchumann, ó bhí sé den tuairim nár chóir d'aon duine ón taobh amuigh ladar a chur ina chuid gnóthaí, agus thar aon rud eile bhí sé in aghaidh an Lorcánaigh, agus meas an réabhlóidí dhainséaraigh aige air.

I mí Iúil 1913 tháinig trí chéad fostóir le chéile agus Ó Murchadha sa chathaoir ar an gcruinniú, agus chinn siad ar cur le chéile in aghaidh na gceardchumann. Bhí Ó Murchadha agus na fostóirí eile meáite ar féachaint chuige nach bhféadfadh an Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar fódú ceart a dhéanamh i measc lucht oibre Bhaile Átha Cliath. Ar an 15 Lúnasa 1913 shacáil Ó Murchadha dhá scór oibrí a bhí, dar leis, ina mbaill den Cheardchumann. I rith na chéad seachtaine eile tugadh bata agus bóthar do thrí chéad duine eile.

Imeachtaí na Diospóide[athraigh | edit source]

Tús na Stailce[athraigh | edit source]

Ar an 26 Lúnasa chuaigh lucht oibre Chomhlacht Trambhealtaí Aontaithe Bhaile Átha Cliath ar stailc. D'fhéach an Lorcánach chuige go raibh an stailc ar cois faoin am chéanna is a reáchtáil Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath a sheó capall, is é sin, Seó Capall Bhaile Átha Cliath. Mar sin, tharraing an stailc uasmhéid an mhíchompoird ar mhuintir na príomhchathrach agus rinne sí uasmhéid an dochair do ghnóthaí Uí Mhurchadha. Ar an nóiméad réamhshocraithe thréig na tiománaithe agus na stiúrthóirí a gcuid tramanna scun scan, gan aon duine a fhágáil ina mbun. Ba é frithbhuille Uí Murchadha agus breis is ceithre céad fostóir eile sa chathair gur chuir siad d'fhiachaibh ar a lucht oibre gealladh scríofa a shíniú gan dul sa Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar ná stailceanna comhbhá a chur ag imeacht.

Géarú an Aighnis[athraigh | edit source]

An diospóid oibreachais a tháinig sna sálaí ag an stailc ba í an ceann ba ghéire i stair na hÉireann. D'imir na fostóirí frithdhúnadh ar a gcuid lucht oibre, agus iad ag tabhairt isteach sáraitheoirí stailce ón mBreatain Mhór agus ó áiteanna eile in Éirinn. Bhí lucht oibre Bhaile Átha Cliath ar an mblár folamh ar fad i gcomparáid lena gcomhleithéidí sa chuid eile den Ríocht Aontaithe, agus chaithfidís maireachtáil i dtuilleamaí pé deonachán a gheobhaidís ó Chomhdháil na gCeardchumann (TUC) agus ó fhoinsí eile in Éirinn, agus an Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar á roinnt go gortach ar na stailceoirí de réir a dhualgais féin. Bhí scéim ann go dtabharfaí clann na stailceoirí go dtí an Bhreatain Mhór lena bhfágáil faoi chúram lucht na gceardchumann thall ansin, ach níor cheadaigh an Eaglais Chaitliceach an plean seo a chur i gcrích, ar eagla go bhfoghlaimeodh na páistí Protastúnachas nó díchreideamh ó na Gaill thall. Thaobhaigh an Eaglais leis na fostóirí le linn an diospóid, nó shíl na heaglaisigh gur réabhlóidí dainséarach Sóisialach a bhí sa Lorcánach.

Tháinig na sluaite móra de stailceoirí ag déanamh picéid leis na sáraitheoirí a imeaglú. Ón taobh eile de, d'ionsaigh constáblaí ó Phóilíní Chathair Átha Cliath mórchruinnithe an lucht oibre le gabháil de smachtíní ar na hoibrithe. I Lúnasa 1913, fuair beirt fhear oibre bás nuair a d'ionsaigh na constáblaí cruinniú amháin ar Shráid Sackville (inniu, Sráid Uí Chonaill) agus gortaíodh na céadta eile. Ba é ba spreagadh don ionsaí ná gur tháinig Séamas Ó Lorcáin chuig an gcruinniú le hóráid a thabhairt. Tugann gluaiseacht lucht oibre na hÉireann ”Domhnach na Fola” ar na himeachtaí seo i gcónaí (cé go n-aithnítear dhá ”Dhomhnach Fola” eile i stair na hÉireann san fhichiú haois). Ní ba déanaí, mharaigh duine de na sáraitheoirí stailce fear oibre eile fós. Le cor a thabhairt in aghaidh an chaim bhunaigh an Lorcánach, Séamus Ó Conghaile agus Séamus Roibeard de Faoite, iar-Chaptaen in Arm na Breataine Móire, - bhunaigh siad mílíste lucht oibre, Arm Cathartha na hÉireann, le léirsithe an lucht oibre a chosaint.

Maireann an Frithdhúnadh[athraigh | edit source]

Ar feadh seacht míonna bhí na mílte is na hathmhílte de lucht oibre Bhaile Átha Cliath. Is é an chiall a bhain an tIrish Independent as an scéal gurbh é an Lorcánach an bithiúnach, ach ar ndóigh, ba le hÓ Murchadha na nuachtáin seo.[3]

Bhí Séamus Ó Conghaile agus Liam X. Ó Briain ina gcinnirí tábhachtacha sa Cheardchumann freisin, agus fuair na stailceoirí tacaíocht ó phearsana éifeachtacha cosúil le Pádraig Mac Piarais, Constance Markievicz agus William Butler Yeats. Bhí cead cainte acu seo sna clómheáin, cé go raibh na meáin féin ag cur in aghaidh an Lorcánaigh.

Deireadh an Fhrithdhúnta[athraigh | edit source]

Dealbh an Lorcánaigh ar Shráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath

Tháinig deireadh leis an bhfrithdhúnadh i dtús na bliana 1914. Faoin am seo bhí an Lorcánach agus an Conghaileach ag impí ar lucht oibre na Breataine Móire dul ar stailc comhbhá le tacaíocht a léiriú do mhuintir Bhaile Átha Cliath, ach má bhí féin, ní bhfuair siad ó Chomhdháil na gCeardchumann (TUC) ach an dubheiteach. Bhí cuid mhór de na hoibrithe ag stiúgadh le hocras cheana féin, agus iad sásta a ghealladh nach rachaidís in aon cheardchumann, chomh géar is a bhí obair, bia agus beatha ag teastáil uathu. Rinne an diospóid an-dochar don Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar, agus drochbhuillí eile ab ea imeacht an Lorcánaigh go dtí na Stáit Aontaithe sa bhliain 1914 agus bású an Chonghailigh i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916. Mar sin féin, chrom Liam Ó Briain agus Tomás Mac Eoin ar an gceardchumann a atógáil, agus sa bhliain 1919, sháraigh a bhallra figiúirí na bliana 1913.

Cé nár éirigh leis an gCeardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar (agus ceardchumann eile ba lú ná é, an tUBLU, ag cabhrú leis) ardú na pá ná feabhsú an ghléas oibre a bhaint amach do na hoibrithe, ba mhór millteanach an t-athrú taoide é an t-aighneas seo i stair an lucht oibre in Éirinn. Bhí an lucht oibre tar éis tuiscint a fháil ar dhlúthpháirtíocht an lucht oibre mar choincheap. Ní rithfeadh le haon fhostóir feasta iarracht a dhéanamh leis an gceardchumann a chloí mar a rinne Ó Murchadha. Bhí na gnóthais féin i mBaile Átha Cliath thíos go dona leis an bhfrithdhúnadh, agus d'fhág an diospóid cuid mhór acu bancbhriste.

“September 1913” le Yeats[athraigh | edit source]

Le linn an fhrithdhúnta d'fhoilsigh William Butler Yeats an dán “September 1913” (Meán Fómhair 1913) ar an Irish Times. Tá sé ar ceann de na dánta is cáiliúla dár tháinig ó pheann an fhile. Chuir Yeats in iúl go raibh a bhá leis na stailceoirí. San am chéanna, thug sé le fios an dímheas a bhí aige ar an meánaicme Chaitliceach chomh hiomlán is a bhí sí faoi smacht na hEaglaise.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. http://multitext.ucc.ie/d/James_Larkin
  2. Desmond, Barry (2009). "No Workers' Republic": 19. Watchword. 
  3. Maume, Patrick: The Irish Independent and Empire, 1891-1919, Simon Potter (ed.) Newspapers and Empire in Ireland and Britain: Reporting the British Empire c.1857-1921 (Dublin, Four Courts Press, 2004) leathnaigh 124–42.