Semibalanus balanoides

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSemibalanus balanoides Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeHexanauplia
OrdSessilia
FineArchaeobalanidae
GéineasSemibalanus
SpeiceasSemibalanus balanoides Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1767

Is speiceas coitianta agus forleathan garbhán carraige é Semibalanus balanoides. Tugtar an garbhán carraige coiteann, nó go simplí, an garbhán carraige air i nGaeilge.[1] Faightear iad ar charraigeacha agus ar fhoshraitheanna eile sa chrios idirthaoideach in iarthuaisceart na hEorpa agus ar an dá chósta i Meiriceá Thuaidh.

Fásann S. balanoides suas le 15mm ar trastomhas, agus is ainmhithe suiteacha iad, is é sin le rá go maireann siad ceangailte le carraigeacha agus le foshraitheanna eile. Tá sé phláta scothliatha acu, timpeall clúidín ar chruth diamaint.[2][3] Tá bonn an tsliogáin scannánach in S. balanoides, i gcodarsnacht le giúrainn eile a bhfuil bonn cailcithe acu.[2] Nuair a líonann an taoide, osclaíonn an clúidín, agus leathnaítear cirri [4] amach san uisce chun bia a scagadh ón sáile. Nuair a thránn an taoide, dúnann an clúidín arís chun triomú a sheachaint.

Faightear Semibalanus balanoides sa chrios idirthaoideach in aigéin tuaisceartacha an domhain. Tá a raon teoranta sa tuaisceart ag an méid pacoighir atá ann, agus sa deisceart ag an teocht níos airde a chuireann cosc ar fhás gaiméití.[2]

San Eoraip, faightear S. balanoides ar Oileánra Svalbard agus ó Finnmark[5] go dtí iarthuaisceart na Spáinne (gan cuid de Bhá na Bioscáine san áireamh). Tá sé coitianta ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire, seachas i gceantair áirithe i gCorn na Breataine, Oileáin Scilly agus iardheisceart na hÉireann. Ar chósta thoir Mheiriceá Thuaidh, tá sé le fáil chomh fada ó dheas le Rinn Hatteras, Carolina Thuaidh, agus ar chósta an Aigéin Chiúin, chomh fada ó dheas leis an gColóim Bhriotanach.[2] Is é S. balanoides an giúrann idirthaoideach is coitianta agus is forleithne in Éirinn, agus is é an t-aon ghiúrann idirthaoideach amháin ar chósta thoir thuaidh Mheiriceá Thuaidh.[6]

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an ngarbhán carraige ina leabhar Cladaí Chonamara:

Ní mór nach cosúil le bairnigh bheaga na garbháin charraige ach go bhfuil poill bheaga i mbarr na sliogán. Leis an bpoll a dhearcadh is féidir mar a bheadh eiteog bheag a fheiceáil ag éirí amach agus ag sú isteach ó am go ham agus ribeacha beaga timpeall chiumhaiseanna an phoill a bhíos go síoraí ar crith; is leo sin a sholáthraíos sé a chuid bia...

Tá siad chomh dlúth le cúl a chéile agus go sílfeá ar dtús gur cuid den charraig iad agus níl aon áit ó íochtar láin go barr lán mara mallmhuireach nach bhfuil druidte leo. Fásann siad os cionn a chéile ó bhliain go bliain agus is minic, nuair a bhíos go leor brat ar an gcladach, go mbaineann an t-oibriú iad...[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Semibalanus balanoides” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 N. White (July 4, 2007).
  3. Barnacles”. PZNOW. Cartlannaíodh an bunleathanach ar August 19, 2004. Dáta rochtana: August 19, 2007.
  4. Joel W. Martin. “Crustacea Glossary Complete List”. Natural History Museum of Los Angeles County. Dáta rochtana: August 19, 2007.
  5. K. Telnes. “Acorn barnacle”. The Marine Fauna Gallery of Norway. Dáta rochtana: August 19, 2007.
  6. Semibalanus balanoides (barnacle)”. Bowdoin College. Dáta rochtana: August 19, 2007.
  7. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.