Gaiméit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cill atáirgthe ar leith a chónacsann le gaiméit eile den ghnéas eile le linn toirchithe chun síogóit amháin a chruthú. Bíonn na gaiméití haplóideach, le sraith crómasóm amháin, agus an síogóit dioplóideach, le sraith péirí crómasóm, ceann de gach péire ó cheann de na gaiméití. De ghnáth, bíonn na gaiméití idirdhealaithe: gaiméit fhireann (an speirm a bhíonn soghluaiste, gan mórán cíteaplasma) agus gaiméit bhaineann (an ubh nó an t-ubhán, do-ghluaiste le han-chuid cíteaplasma is roinnt miteachointrí, de réir cineáil).