Scitsifréine
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An síciatraí Eilvéiseach Eugen Bleuler (1857-1939) , a chéad chum an focal 'Schizophrenie' nó 'Scitsifréine'.
Is fáthmheas síciatrach é scitsifréine a thugann tuairisc ar an éalang mheabhrach ina mbíonn smaointe an duine in aimhréidh. Tagann ainm an ghalair ó dhá fhocal sa tSean-Ghréigis 'scitsi' (σχίζειν, "scoilt") agus 'fréin' (φρήν, φρεν-, " meabhair"). Léiríonn an ghalar na hairí seo go coitianta; siabhránacht chloisteála, siabhráin pharanóideach, urlabhra agus smaointeoireacht gan eagar maille le mífheidhm cheirde nó shóisialta.