Síocóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarma síciatrach le húsáidí éagsúla. An chiall is coitianta is ea galar síciatrach ina gcailleann duine tadhall leis an réaltacht trí shiabhrán nó mearaí. I gciall eile, is galar síciatrach a bheadh dian ina iarmhairt ar dhuine, mar mhalairt ar é a bheith measartha nó éadrom. Tagann an téarma isteach in dhá phríomhghrúpa galar síciatrach: síocóis orgánach mar gheall ar ghalair a chuireann isteach ar an inchinn, agus síocóis fheidhmeach nach eol cad is cúis léi. Úsáidtear an téarma níos scaoilte fós i gcás galar ina mbíonn athrú cineálach sna mothúcháin, cúlú chuig foirmeacha anabaí iompair, nó cúlú le heaspa bainte le daoine eile.