Neamhoird mheabhracha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa riochtaí le siomptóim shíceolaíocha nó iompair, agus is féidir go mbeidh feidhmiú lagaithe i gceist freisin. Is féidir go dtarlóidh a leithéid mar thoradh ar éigeandáil reatha nó galracht éigin a fhéadfaidh a bheith marfach. Is féidir go mbeidh na cúiseanna bitheolaíoch, síceolaíoch, géiniteach, sóisialta nó fisiciúil. I measc na siomtóm, is féidir nach dtarlóidh gnáthfhrithghníomhartha d'eachtraí léanmhara, agus iompar claonaíoch. Ní bhíonn teorainneacha soiléire ag na neamhoird seo, agus is féidir nach mbeidh na siomtóim chéanna ag daoine leis an neamhord céanna. Samplaí de neamhoird mheabhracha is ea imní, gealtachas, neamhoird ite, scitsifréine, agus neamhoird codlata. Déantar staidéar ar leith ar mhoilliú intinne agus neamhoird forbartha, ach ní mar neamhoird mheabhracha.