Anóime

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Riocht pearsanta ina dtugann duine aonair a chúl do luachanna is gnáthnoirm iompair le teann éadóchais, ionas nach féidir leis é féin a ionannú leis an tsochaí. Is féidir go dtarlóidh a leithéid do ghrúpa daoine a fhéadfaidh a bheith an-leathan. Thug an socheolaí Francach Émile Durkheim (1858-1917) an coincheap isteach i 1897, agus thairg gur cúis shuntasach le féinmharú í.