Frithdhúlagráin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarDrugaí frithdhúlagrán
Cineálcógas, psychotropic drug (en) Aistrigh agus psycholeptic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
ÉifeachtSSRI discontinuation syndrome (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0159140 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000928 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0003289 Cuir in eagar ar Wikidata

Drugaí a fheabhsaíonn giúmar duine atá i ndúlagar. 3 chineál atá ann: ceimiceáin thríchioglacha (mar shampla, imeapraimín, aimitriptilín), coscairí ocsaíodáis monaimíne (mar shampla, iseacarbocsaisíd, féinilséin), agus coscairí atógáil séireatóinine (mar shampla, Prozac). Agus é ag tástáil drugaí frith-hiostaimín i 1958, fuair an lia Eilvéiseach Richard Kuhn (1900-1967) amach go raibh iarmhairtí fabhracha ag imeapraimín ar othair le dúlagar, agus úsáidtear go forleathan inniu é mar fhrithdhúlagrán. Thángthas ar an dara cineál drugaí de thaisme freisin, i 1952 nuair a fuarthas go raibh iarmhairt fhrithdhúlagrach ag an druga eitinne ipriniaisíd. Tarlaíonn imoibriú an-dochrach idir an cineál seo druga is bianna áirithe, cosúil le cáis is fíon dearg, agus mar sin ní úsáidtear ach go hannamh iad. Saothraíodh an 3ú cineál sna 1960idí, agus is beag fo-iarsmaí a bhaineann leo i gcomparáid leis na seanfhrithdhúlagráin. Baintear feidhm as litiam mar chóireáil ar shíocóis mháindúlagrach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Frithdhúlagráin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 289.