Frith-hiostaimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Drugaí a úsáidtear chun faoiseamh a sholáthar ar fhrithghníomhartha ailléirgeacha, cosúil le fiabhras léana. Ní fheidhmíonn siad i gcás an phlúchta. Cuireann siad bac ar ghníomhú hiostaimín, a tháirgeann an cholainn le linn ailléirgí agus is bun le cuid de shiomptóim na hailléirge. Baintear feidhm as frith-hiostaimíní chun galar gluaisne a mhaolú freisin. Tarlaíonn codlatacht mar fho-thoradh ar fhrith-hiostaimíní áirithe, agus mar sin úsáidtear mar shuaimhneasáin iad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Frith-hiostaimín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 290.