Ailléirge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Frithghníomh imdhíonach de bharr tadhall le hábhair choimhthíocha áirithe, neamhurchóideach de ghnáth, nach spreagann aon fhreagairt i ndaoine normálta é Ailléirge. Is ailléirginí na hábhair seo. I ndaoine íogaire, imoibríonn siad seo le hantashubstaintí a tháirgtear taobh istigh den cholainn ag cealla sa chóras imdhíonach. Fuasclaíonn an t-imoibriú idir an ailléirgin is na hantashubstaintí ábhair a dhéanann dochar do chealla is fíocháin na colainne, ina measc hiostaimín, hiodrocsaitrioptaimín is braidicinín. Tá an-chuid ábhar sa nádúr — pailin, mar shampla — a fheidhmíonn nó a fhéadfaidh feidhmiú mar ghreannaitheoirí nó ailléirginí agus raon leathan galar a spreagadh, plúchadh is deirmitíteas ina measc.