Jump to content

Fliú Spáinneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Paindéim Fliú 1918)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFliú Spáinneach
Íomhá
Cineálpaindéim fliú
paindéim
galar tógálach
zónóis
ráig ghalair Cuir in eagar ar Wikidata
TréimhseEanáir 1918 - Nollaig 1920
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe imeachtaFort Riley, Kansas (en) Aistrigh
Contae Haskell, Kansas
Camp Funston, Kansas (en) Aistrigh
Étaples, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisfliú A(H1N1) Cuir in eagar ar Wikidata
Number of cases (en) Aistrigh500,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna ± 50,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
An Chéad Chogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna


Paindéim fliú ollmhór, idir Feabhra 1918 agus Aibreán 1920, ba ea an Fliú Mór, nó an Fliú Spáinneach.[1] Scaip an phaindéim ar fud an domhain agus fuair b'fhéidir 50 milliún bás dá bharr, ach b'fhéidir i bhfad níos mó, agus níos mó ná a maraíodh sa gCéad Chogadh Mór óna thús go dtí na dheireadh.[2] Bhain an phaindéim croitheadh uafásach as an domhan.[3]

Eanáir 1919 - sochraid i mBéal Feirste, Private Joseph A. McCarthy, Nebraska. Bhí an-sochraid air is cosúil
taispeántas Red Cross, Washington D.C., 1918

Eipidéimeolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

An víreas fliú A(H1N1) (fochineál nó sórt fliú) a bhí neamhghnách agus an-mharfach ar fad, ba chúis leis.

Glactar leis anois gur dóichí go raibh páirt thábhachtach ag stoirm cíticíní leis an díobháil a rinne an galar, nó ró-fhás cillíní de bharr an córas imdhíonachta a bheith ró-ghníomhach.

Díol spéise ag staraithe agus ag lucht leighis 'pátrún an W' i gcéatadán na mbásanna de réir aoisghrúpa. Sciob an galar leis daoine an-óga agus daoine aosta, ach dhírigh sé go háirithe orthu siúd a shílfeá a bheith i riocht níb' fhearr teacht slán.[1]

Mar bharr ar sin, is ábhar spéise breise míbhuntáiste na bhfear. Bhí an leath fireann den daonra i bhfad níos leochailí ag scothaoiseanna ná an leath baineann. Ní hamháin go raibh daoine óga i mbaol níos mó ag an bhFliú Mór, ach bhí stócaigh i mbaol níos mó ná a ndeirfiúracha. Seans go raibh baint ag an tobac leis: sin é a mheasann an scoláire Francach Michel Garenne ach go háirithe.[4]

D'fhéadfadh ceangal áirithe a bheith ag an míbhuntáiste de réir aoise leis an gcogadh agus cúinsí sóisialta . Shamhlófá ga raibh tionchar diúltach ag an tslí ga raibh daoine den aoisghrúpa sin bailithe le chéile i mbeairicí agus i monarchana. Mhíneodh na patrúin seo canathaobh ga raibh claonadh atíopúil ag mná i mBéal Feirste fulaingt ón bhfliú.[1]

Ní fios, de réir easpa fianaise stairiúla agus eipidéimeolaíochta, tír thionscnaimh na paindéime i ndáiríre. Dúradh gur i gcampa airm a thosaigh sé sna Stáit Aontaithe – in áit a dtugtar Fort Riley, Kansas, air.[5]

Saghas mistéir fós an tslí inar shíolraigh agus inar scaip sí. In Éirinn, seans gur trúpaí ó Mheiriceá ba thúisce a scaip i.[1]

Chruthaigh daoine eile ó shin go raibh sé tosaithe le tamall roimhe i gcampa airm in Etaples sa bhFrainc. Campa a bhí ansiúd a raibh 100,000 saighdiúir ag dul tríd chuile lá. Ach bhí teoiric eile ann gur as an tSín a scaip an Fliú Spáinneach go Meiriceá agus as sin go dtí an Fhrainc.

Ainmníodh é An Fliú Spáinneach mar gur tugadh níos mó poiblíochta dó sa Spáinn i dtús aimsire ná a tugadh i dtíortha eile. Ní raibh aon chinsireacht mhíleata sa Spáinn mar ní raibh an tír sa gcogadh.

Íospartaigh an fhliú i 1918, saighdiúirí Meiriceánacha ón bhFórsa Sluaíochtain, san Ospidéal Champa Airm SAM, Uimhir 45, Aix-les-Bains.
American Red Cross Hospital, 36 Cearnóg Mhuirfean, BÁC sa bhliain 1918
Edvard Munch- féinín, 1919
Fógra U.S. Public Health, 1918
Provincial Board of Health, Alberta, 1918
iontrálacha, ospidéal South Beach, Washington, 1918
ráta báis / 1000, An Ríocht Aontaithe, 1918–1919
masc éigeantach, New South Wales

Bhuail an fliú seo suas le 500 milliún duine+ ar fud an domhain (agus daonra tuairim is 2,000 milliún duine ag an am) — is fánach an áit a d'éalaigh uaidh.[1]

Scríobh an t-eolaí Matt Hussey,[6] "I bpaindéim 1918 fuair 25 milliún duine bás ar fud an domhain". "40 milliún" a scríobh Seosamh Ó Cuaig.[3] Ach b'fhéidir gur fuair idir 50 milliún agus 100 milliún daoine bás de bharr an galar.[7] Meastar go raibh an fliú ag trian de dhaonra an domhain, sé sin 500 milliún daoine ag an am.

Aosaigh óga sláintiúla ba ea tromlach na n-íospartach, i gcomparáid agus i gcodarsnacht le ráigeanna fliú eile, nuair ba iad na daoine sna grúpaí ‘i mbaol' (ná daoine aosta agus mífholláin).

An phaindéim in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Bhreatain, fuair tuairim is 228,000[8] bás (ar a laghad), nó thart ar 0.6% de dhaonra na mBreataine (agus daonra 43 milliún ann in 1921; b'fhéidir 2m+ níos lú in i dtús 1918).[9] D'éag an céatadán céanna in Éirinn, a bheag nó a mhór.[10][11] D'éag go díreach b'fhéidir 23,000[12][13] in Éirinn, 1918-1920, beagnach an oiread céanna d'Éireannaigh a maraíodh sa Chéad Chogadh Domhanda.[14][15][16] I gcomparáid, sa bhliain 1916, mharaigh fliú agus na galair thógálacha go léir (cosúil leis an mbruitíneach, fiabhras dearg, triuch, diftéire srl) 2,092 duine.[17]

Dhírigh an galar go hairithe orthu siúd nach raibh aosta, an dream idir 15 agus 50 bliain. Den dream a bhásaigh de bharr an Fhliú Mhóir, ba dhaoine san aoisghrúpa sin breis agus a leath.

Cúinsí maireachtála

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir spré an ghalair na bailte ina dtost; dhún sé na scoileanna, na cúirteanna, agus na leabharlainne, laghdaigh sé méid na trádála, líon sé na hospidéal, agus chuir sé brú as cuimse ar na dochtúirí agus iad ag cuir cóir leighis ar na céadta othar gach lá.[18] Moladh do dhaoine gan bacaint le tórraimh, ach coirp a adhlacadh gan aon mhoill. Gan dabht, toisc an t-éileamh neamhchoitianta ar reiligí, bhí deacrachtaí in áiteanna maidir le sochraidí a eagrú.

D'fhan daoine sa mbaile ar eagla go bhfaighidís an galar. Seans gur laghdaigh sin an ráta báis. Ach níor cuireadh Olltoghchán na hÉireann, 1918 ar athló, ainneoin gur bhuail an fliú Lloyd George féin, Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, i lár mhí Mheán Fhómhair, rud a chiallaigh ná féadfaí toghchán a bheith ann an I-am sin.[19]

Ina ráigeanna a tháinig an Fliú Mór in Éirinn– trí cinn acu.[20] [21]

  • Bhuail an chéad ráig sa tréimhse idir Meitheamh agus Lúnasa 1918, agus bhí an ráig sin éadrom go leor. Cathair Bhéal Feirste ba mheasa a bhí buailte ag an gcéad ráig.[22][23][24]
  • Ba é an dara ráig sa tréimhse idir lár mhí Dheireadh Fómhair 1918 agus lár Eanáir 1919 is mó a rinne scrios. Faoi Shamhain 2018 a thosaigh an ráig ba mheasa. Bhí 40-50 curtha i reilig Ghlas Naíon gach lá i mí na Samhna 1918.[25][26] Bhí an ráta báis ó 20/1000 i mBéal Feirste go 50/1000 i lár Bhaile Átha Cliath.
  • ldir Feabhra agus Aibreán 1919 a scaip an ráig dheireanach, nach raibh chomh dian céanna. Léiríonn obair atá déanta ag tíreolaithe go raibh patrúin éagsúla tíreolaíochta ag baint leis na ráigeanna seo. In Éirinn fuair níos mó daoine bás den bhfliú san iarthar i 1919 ná i 1918. Chiallódh sin gur rinne an tríú tonn scrios níos mó ansiúd. Seans maith gur tháinig saghas claochlú ar an víreas agus é ag taisteal thart, agus gur mhaolaigh dá réir ar an díobháil a rinne sé.

Dáileadh tíreolaíoch

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhulaing contaetha áirithe níos mó ná a chéile: bhí an t-ádh leis an gClár, Uíbh Fháilí, agus Liatroim, mar shampla, i gcomparáid le Baile Átha, Cliath, Tír Chonaill, nó Aontroim.

Laistigh de Chontae Loch Garman, bhuail an aicíd bailte Loch Garman, Ros Mhic Treoin agus Guaire ar dtús. Sa Ros fuair beirt is fiche bás den bhfliú laistigh de sheachtain amháin, agus níor chuimhin leis an té ba shine ar an mbaile líon chomh mór daoine a bheith dhá nguí in éineacht le linn an aifrínn. I dtús báire bhí Inis Córthaidh slán uaidh. Ghlac muintir an bhaile sin gach réamhchúram. Bhí an-ráchairt ar Jeyes Fluid agus a leithéid, agus boladh eoclaipe bhéala na sluaite. Shocraigh an t-easpag, an misean bliantúil a chur ar athló. Ach níor éalaigh an baile sa deireadh. Faoi lár na Samhna 1918 bhí an fliú i réim ann, tráth go raibh sé ag maolú i mbailte eile.[1]

Buaileadh na tionóntáin i mBaile Átha Cliath go trom.[11] Cé gur dóichí go mba iad na boicht ba mhó a bhí thíos leis an bhfliú —sa mhéid is go raibh an bia folláin agus na leapacha teo ba ghá mar chosaint ar an niúmóine in easnamh orthu— fuair neart daoine nach raibh aon easpa dá leithéid orthu bás den aicíd.

Ní hamháin ga raibh tionchar gearrthéarmach ag an bhfliú ar chúrsaí tráchtála, mar a shamhlófá: bhí tionchar fadtéarmach aige lena chois. Foilsíodh ait sa Journal of Political Economy i 2006 sna 5táit Aontaithe faoin teideal íorónta 'Is the 1918 influenza pandemic over?' Ag úsáid sonraí i ndaonáirimh na mblianta 1960-80, 'sé an freagra atá ag údair na taighde seo ná 'Níl'. Taispeánann siad nár éirigh chomh maith leis an aoisghrúpa a rugadh nó a bhí sa mbroinn le linn na haicíde i gcomparáid le grúpaí eile, ó thaobh gnóthachtáil acadúil, éagumais éagsúla, ioncam agus bochtaineacht agus a bheith ag brath ar an stát.[1]

Tá sé ráite go bhfuil an béaloideas fé thost fad is a bhaineann sé leis an bhfliú. Más fíor, is ait. Má ghabhann tú trí innéacs na cartlainne béaloideasa i gCOBÁC, ar éigin má luaitear an fliú. Ach ní fíor ar fad é. Mar shampla chum Máirtín Berry ó Pholl Uí Mhuirinn, Leitir Mealláin, amhrán mar gheall ar an bhfliú (daoine a buaileadh leis an aicíd agus daoine a tháinig slán iad san atá luaite aige, ní foláir).[1]

Mairbh aitheanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éireannaigh

  • Pierce McCann TD, Polaiteoir, ina bhall de Sinn Féin.
  • An poblachtánach agus ealaíontóir aitheanta Sadhbh Trínseach (nó Cesca Trench)[27]
  • Seán Ó Cadhla (1885–1918)
  • An t-óglach Jimmy Ó Flatharta ón Spidéal, nach raibh ach scór bliain d’aois, ar an 17 Samhain 1918.[28]

Daoine mór le rá thar lear

Daoine mór le rá a tháinig slán as

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 Cormac Ó Gráda (2008). "An Fliú Mór 1918-19". Comhar 68 (2): 15–17. ISSN 0010-2369. 
  2. Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith. Ó thosaigh an Cogadh, fuair níos mó ná 16 mhilliún bás, lena n-áirítear tuairim agus 7 milliún sibhialtach
  3. 3.0 3.1 Seosamh Ó Cuaig. "Ón bhfliú Spáinneach go dtí fliú na bhfear…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  4. Ming-Jen Lin, Elaine M. Liu (2014-05). "Does in utero Exposure to Illness Matter? The 1918 Influenza Epidemic in Taiwan as a Natural Experiment" (as en). NBER Working Papers. 
  5. lch 49, http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf
  6. Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  7. Johnson N.P., Mueller J. « Updating the accounts: global mortality of the 1918-1920 “Spanish” influenza pandemic. », Bull Hist Med., printemps 2002, 76(1), p. 105-15. pmid:11875246
  8. lse.ac.uk (2024-06-27). "Fatalism and an absence of public grief: how British society dealt with the 1918 flu | British Politics and Policy at LSE". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-27. Dáta rochtana: 2024-11-17.
  9. "The 1921 Census". www.1921census.org.uk. Dáta rochtana: 2024-11-17.
  10. "The Influenza Pandemic in Ireland – 1918-19 | Dublin City Council" (en). www.dublincity.ie (2020-11-04). Dáta rochtana: 2024-11-17.
  11. 11.0 11.1 Trinity College Dublin. "Trinity researchers shed new light on devastating Spanish Flu pandemic" (en). www.tcd.ie. Dáta rochtana: 2024-11-17.
  12. agus b'fhéidir i bhfad níos mó
  13. Deir Ó Gadhra (2008): "Léirionn na figiúirí laghdú beag i mbasanna de bharr tinnis nó cliseanna eile sna blianta 1918 agus 1919. Mhéadaigh líon iomlán na mbasanna ó mhean bliantúil de 72-73,000 go 78-79,000. Ni raibh an méadú ó thaobh coibhnis chomh mór sin—thart ar an deichiú cuid —ach bhi an fhulaingt de réir aoise suntasach."
  14. Office of the President of Ireland. "Diary President Hosts A Reception Commemorating The Great Flu Epidemic Of 1918 1919" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2024-11-17.
  15. "Greatest killer of the twentieth century: the Great Flu of 1918–19". History Ireland (2013-03-05). Dáta rochtana: 2020-11-15.
  16. Mártan Ó Ciardha. "Ag póirseáil dom sna sean-nuachtáin, ghreamaigh mo shúile d’eagrán an Kerryman an 26 Deireadh Fómhair 1918" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  17. cso.ie. "An Saol in Éirinn sa bhliain 1916 - CSO, lch 34". Dáta rochtana: 2020.
  18. Office of the President of Ireland. "Leabharlann na Meán | Óráidí | Uachtarán na hÉireann" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2024-11-17.
  19. Barry McGill (1974). "Lloyd George's Timing of the 1918 Election". Journal of British Studies 14 (1): 109–124. ISSN 0021-9371. 
  20. Fri, 14 Sep, 2018 - 01:00 (2018-09-14). "The deadly trail of the Spanish Flu through Ireland in 1918" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  21. Donncha Ó hEallaithe (2018). "An Connacht Tribune 1918" (as ga).  Curtha i gcartlann 2022-10-07 ar an Wayback Machine
  22. Pádraic Tom Bán Breathnach (2018). "An Fliú Mór 1918-19" (as ga).  Curtha i gcartlann 2020-11-21 ar an Wayback Machine
  23. S Ó Tuairisg; Cormac O Breisleáin (1972-08-22). "Agallamh le Cormac Ó Breisleáin (22/08/1972)" (as ga) Luann Ó Breisleáin gur bhásaigh na céadta i gceantar Ghaoth Dobhair ón bhfliú mór a bhí ann i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Mhóir. I roinnt cásanna fuair níos mó ná duine amháin as an teaghlach céanna bás..  Curtha i gcartlann 2020-11-16 ar an Wayback Machine
  24. Seán Ó Súilleabháin; An Fliú Spáinneach. "Cailleadh cheithre dhuine dhéag leis an fliú Spáinneach i mBéal Átha an Ghaorthaigh i 1919.". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  25. Joe Joyce. "November 9th, 1918: Relief as deaths from 1918 Spanish flu epidemic began to decline" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-14.
  26. Pádraig Yeates - A City in Turmoil – Dublin 1919–1921: The War of Independence
  27. dib.ie. "Cesca Trench". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-11-17.
  28. Donncha Ó hÉallaithe (19 Samhain 2018). "Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin bhí sochraid mhíleata i gCois Fharraige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-17.