Mike Shinoda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mike Shinoda ag seinm le Linkin Park sa bhliain 2009.

Is ceoltóir agus ealaíontóir Meiriceánach é Mike Kenji "Mike" Shinoda (a rugadh 11 Feabhra 1977).

Is ball den bhanna ceoil Linkin Park é. Rugadh agus tógadh é in Agoura Hills, California, fobhaile de chuid Los Angeles. Is de shliocht Sheapánach é ar thaobh a athar.

Rinne Shinoda staidéar ar an dearadh agus ar an léiriú ag an Art Center College of Design i Pasadena. D'oibrigh sé mar ríomhdhearthóir léirithe agus is ealaíontóir go fóill é. Déanann Shinoda agus Joe Hahn, ball eile de Linkin Park, an obair ealaíne ar fad don bhanna ceoil sin.