Sintéiseoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaireas leictreonach chun fuaimeanna ceoil a ghiniúint, méarchlár amháin ar a laghad ceangailte leis agus callairí. Robert Moog (1934-2005) a cheap an chéad cheann i 1964, ceann nach raibh in ann ach fuaim amháin a ghiniúint ag am ar bith. Ó 1975 tá saghsanna ilfónacha ar an margadh, in ann níos mó ná fuaim amháin a ghiniúint in éineacht. Faoi seo, tá saghsanna bunaithe ar ríomhairí atá níos cuimsithí fós.