Lucsambuirgis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lucsambuirgis (Lëtzebuergesch)
Á labhairt: Lucsamburg, An Bheilg, An Fhrainc, An Ghearmáin
Réigiún: An Eoraip
Cainteoirí san Iomlán: 300,000
Rang: ~
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais
 Gearmáinic
  Gearmáinic an Iarthair
   Ard-Ghearmáinis
    Gearmáinis an Láir-Iarthair
     Lucsambuirgis
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Lucsamburg
Rialaithe ag: Conseil Permanent de la Langue Luxembourgeoise (CPLL)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 lb
ISO 639-2 ltz
ISO/DIS 639-3 ltz
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is í an Lucsambuirgis an teanga is mó a labhraítear i Lucsamburg, agus í ó dhúchas ag trí chéad míle duine. Go bunúsach, níl ann ach canúint Meán-Ghearmáinise, agus í an-ghaolmhar leis na canúintí Meán-Ghearmáinise eile, cosúil le caint na ndaoine i gKöln, mar shampla.

Níl an Lucsambuirgis ina teanga oifigiúil sa tír ach ón mbliain 1984 i leith. Tá litriú ar leith aici ón mbliain 1946 anuas, ach rinneadh leasuithe air sa bhliain 1999. Baintear úsáid aisti sna scoileanna le rudaí deacra a mhíniú sa chaint, ach is iad an Ghearmáinis agus an Fhraincis na teangacha scríofa a chleachtaítear. Bíonn an Lucsambuirgis le cloisteáil ar an raidió agus ar an teilifís go minic, ach ní bhaintear mórán úsáide aisti sna clómheáin, cosúil leis na nuachtáin agus na leabhair. Ní teanga oifigiúil í san Aontas Eorpach ach an oiread.

Cé gur canúint de chuid na Gearmáinise í an Lucsambuirgis, tá sí á forbairt ina teanga chaighdeánaithe ar leith, agus is é dearcadh mhuintir Lucsamburg gur siombail lárnach dá bhféiniúlacht náisiúnta í. Go háirithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí Lucsamburg forghafa ag na Naitsithe, theastaigh ó mhuintir na tíre tabhairt le fios nach raibh siad ina nGearmánaigh, más ionann a bheith i do Ghearmánach agus a bheith i do Naitsí.

[athraigh] An Cupla Focal as Lucsambuirgis

  • Jo - Sea/Tá
  • Neen - Ní/Níl
  • Wëllkomm! - Fáilte!
  • Wéi geet ët? - Conas atá tú? Cad é mar atá tú? Cén chaoi a bhfuil tú?
  • Ech heesche ... - ...is ainm dom
  • Entschellegt! - Gabh mo leithscéal.
  • Zwee béier, wann ech glieft - Dhá phionta, más é do thoil é
  • Kënnt Dir mir de wech zëm .... weisen? - An feidir leat a rá liom, cá bhfuil an ...?
  • Villmols merci - Go raibh míle maith agat
  • Äddi - Slán


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí