Konrad Lorenz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Konrad Lorenz

Míoleolaí a rugadh agus a d'éag i Vín na hOstaire ab ea Konrad Zacharias Lorenz (7 Samhain 190327 Feabhra 1989). Bunaitheoir eolaíocht nua na heiteolaíochta, staidéar ar iompar ainmhithe. Ina shaothar sna 1930idí chuir sé béim ar staidéar iompar ainmhithe amuigh sa bhfásach, go háirithe na géanna glasa agus na cáganna. Le Karl von Frisch is Nikolaas Tinbergen, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1973 as a staidéar ar phatrúin iompair shóisialta is indibhidí, agus eagrú is múscailt na bpatrún sin (féach an t-alt inphriontáil (iompar)).