Eiteolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar iompar ainmhithe, ag cur na míoleolaíochta is na héiceolaíochta san áireamh. Déanann sí anailís ar mhionsonraí iompar an speicis i dtaca le hairíonna an chomhshaoil nádúrtha a bhfuil an speiceas oiriúnaithe dó. Faightear sonraí ó bhreathnú díreach agus monatóiriú le rianú raidió, mar shampla. Saothraítear tuiscint ar ghnéithe cosúil le hithe, idirghníomhuithe idir creach is creachadóir, agus iompair atáirgthe, iomaíochta, is shóisialta i dtéarmaí oidhreacht ghéiniteach an speicis is na gcúinsí comhshaoil a bhíonn ann de ghnáth i bhfás nádúrtha na mball de.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eiteolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 245.