Homo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ball den ord príomhach le hinchinn mheánach nó mhór (500–2,000 cm3), cóimheas mór inchinne/ colainne, siúl déchosach, staidiúir cheartingearach, agus lámha atá oiriúnach do ghreim mionchruinn, bunaithe ar an ordóg a chur i gcoinne na corrmhéire. Is dócha go ndearna an speiceas éabhlóid ó Australopithecus san Afraic timpeall 2 mhilliún bliain ó shin. Trí bhrú na haeráide, b'fhéidir, shaothraigh sé comhoibriú is roinnt i mbailiú bia, déanamh uirlisí, feabhsú cumarsáide, agus cúram is múineadh leanaí. Go dtí seo tá 5 aicme ainmnithe, agus 4 cinn imithe i léig.

Tá eolas ar Homo habilis ó iontaisí 1.5-2 milliún bliain d'aois a fuarthas i Mám Alduvaí sa Tansáin, Turkana sa Chéinia, agus Sterkfontein san Afraic Theas. Blaosc thanaí ar inchinn bheag (500–700 cm3), an aghaidh is na gialla ag gobadh amach, na clárfhiacla réasúnta mór ach na taobhfhiacla beag caol. 25-40 kg meáchain, le géaga fada láidre matánacha agus lámha, i gcomhartha go raibh cumas dreapadóireachta aige. Na géaga cúil gearr.

Fuarthas iontaisí Homo rudolfensis timpeall Loch Turkana freisin, agus cuireadh dáta 1.7-1.9 milliún bliain ó shin air. De réir dealraimh, rud beag níos mó ná Homo habilis, le géaga níos cosúla leis an duine. An inchinn níos mó freisin (750–900 cm3), an aghaidh níos leithne leata, agus na taobhfhiacla níos mó.

Fuarthas Homo erectus mar iontaisí ag ionaid éagsúla taobh le Loch Turkana freisin, dáta 0.3-1.8 milliún bliain ó shin. Blaosc láidir le tosach an bhoghta ag cúlú, leata, faoi bhalla ramhar, an inchinn 800-1,200 cm3 i dtoirt, an aghaidh is na gialla mór, agus na fiacla measartha mór.

Fuarthas iontaisí Homo floresiensis den chéad uair i 2004 i bpluais aolchloiche ar oileán Flores na hIndinéise. 12,000-95,000 bliain ó shin an dáta. Meastar go ndearna sé éabhlóid ó Homo erectus, a aonraíodh ar an oileán 800,000 bliain ó sin. An bhlaosc cosúil le blaosc Homo erectus, mullach an mhala níos lú, toirt na hinchinne níos lú (380 cm3), an creatlach níos lú (timpeall 1 m ar airde), peilbheas an-leathan, seasamh déchosach, in ann uirlisí casta a dhéanamh.

Ní léir fós an gaol éabhlóideach idir Homo habilis, Homo rudolfensis is Homo erectus, ach de bhrí go dtéann siad isteach ina chéile ó thaobh dátaí, ní seicheamh amháin éabhlóideach iad. Bhí Homo habilis is Homo rudolfensis imithe i léig timpeall 1.5-1.7 milliún bliain ó shin, agus lean Homo erectus go dtí timpeall 300,000 bliain ó shin. D'fheabhsaigh na huirlisí thar na mílaoiseanna agus mhéadaigh na cnámha ainmhithe, mar chomhartha ar fheabhsú a gcumas seilge, is dócha. Faoi 700,000 bliain ó shin, bhí Homo erectus tar éis leathnú amach as an Afraic go hIáva is an tSín, mar a raibh tine smachtaithe is uirlisí cloiche acu. Leathnaigh an aicme seo in an-chuid codanna den Domhan ar feadh milliún bliain, agus toirt a n-inchinne ag méadu i gcónaí, ó 800 cm3 (dhá oiread toirt na hinchinne i simpeansaí) go dtí 1,300 cm3. Níl na hantraipeolaithe ar aon aigne go ndearna Homo erectus forás go dtí an duine nua-aoiseach, ach ar aon chuma d'imigh siad in éag timpeall 300,000 bliain ó shin. Rangaítear na cnámha iontaisithe a fionnadh sa bhliain 1891, ar a dtugtar Duine Iáva, mar ghné de Homo erectus atá imithe i léig.

Glactar leis go ndearna ár n-aicme féin Homo sapiens éabhlóid ó Homo erectus, ach b'fhéidir trí fhoirmeacha le haghaidheanna leathana, cosúil leis an Néandartálach agus Homo sapiens sapiens. Bhí na Néandartálaigh san Eoraip is an meánoirthear, agus glactar leo mar fho-ghné de Homo sapiens a d'imigh ar mhodh nach bhfuil ar eolas timpeall 35,000 bliain ó shin. Faightear an fhoirm is ársa de réamhshinsir dhíreacha Homo sapiens, a dtugtar Homo sapiens sapiens air, san Afraic mar iontaisí, dátaithe timpeall 100,000-120,000 bliain ó shin, agus sa mheánoirthear níos déanaí. Bhí an tógáil réasúnta éadrom, an bhlaosc mór cruinn (timpeall 1,400 cm3 i dtoirt), an t-éadan ard gan mullach ar fiú trácht air ar na malaí, an aghaidh is na gialla tógtha go héadrom, na fiacla beag brúite le chéile, an smig feiceálach. Meastar gur den fhoirm homainide seo na Crómagnónaigh, a bhfuil cáil ar a bpictiúir dhaite i bpluaiseanna i ndeisceart na Fraince agus áiteanna eile. Tháinig Homo sapiens chun cinn agus maireann inniu, an duine nua-aoiseach, mar an aon ghné den speiceas Homo. Ón tús, b'fhearr mar shealgaire é ná Homo erectus, agus bhain sé feidhm as uirlisí adhmaid, rinne feoil a chócaráil, chaith éadaí seithí, agus thóg botha dídine dó féin. Bhí toirt 1,200-1,600 cm3 ina inchinn, agus creideann na hantraipeolaithe go raibh cumarsáid béil ar a chumas. Lean na daoine seo mar fhiagaithe/cnuasaitheoirí ar feadh 25,000 bliain. D'éirigh leo ainmhithe a cheansú timpeall 18,000 bliain ó shin, agus d'fhionn siad an talmhaíocht chomh déanach le 12,000 bliain ó shin. Bhunaigh siad na chéad bhuanáitribh timpeall 9,000 bliain ó shin, agus na cathracha is luaithe timpeall 5,000 bliain ó shin. Ina dhiaidh sin d'fhorbair siad sibhialtachtaí is tionsclaíocht, agus le déanaí chuir fás pléascach leis an daonra.