Duine Iáva

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chéad iontaise de Homo erectus atá ar eolas, ar tháinig an t-anatamaí Ollannach Eugène Dubois (1858-1940) air i 1891 in Iáva, ag tabhairt Pithecanthropus erectus air. Ina dhiaidh sin fuarthas samplaí ó 800,000 is 300,000 bliain ó shin, agus claonta fadtréimhseacha le méadú na hinchinne is laghdú na bhfiacla. Meastar gur áitrigh Homo erectus Iáva i dtréimhse idiroighreach timpeall 900,000 bliain ó shin nuair a bhí leibhéal na farraige íseal agus Scairbh Sunda, a cheanglaíonn Iáva is mórthír na hÁise, nochta. Ina dhiaidh sin bhí Iáva scoite ó am go chéile le linn na n-oighearaoiseanna tréimhsiúla, nuair a bhíodh leibhéal na farraige íseal.