Grazia Deledda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grazia Deledda
Grazia Deledda 1926.jpg
Dáta breithe 27 Meán Fómhair, 1871
  Nuoro, An tSairdín
Dáta báis 15 Lúnasa, 1936
  An Róimh
Náisiúntacht Iodálach
Gairm Scríbhneoir, úrscéalaí, file
Seánra Réadúlacht, meathlúchán
Duaiseanna Duais Nobel (1926)
Céile Palmiro Madesani

Scríbhneoir Iodálach ba ea Grazia Deledda (27 Meán Fómhair 1871 - 15 Lúnasa 1936) a ghnóthaigh Duais Nobel um Litríocht sa bhliain 1926.

A beatha[athraigh | edit source]

Rugadh í ag Nuoro sa tSairdín mar an duine deireanach de sheisear clainne i dteaghlach meánaicmeach. I ndiaidh na bunscoile d'fhoghlaim sí Iodáilis, Laidin agus Fraincis ó oide príobháideach (aoi de chuid duine dá gaolta) agus rinne staidéar ar an litríocht léi féin. Níorbh é nós na linne úd oideachas iomlán scoile a thabhairt do chailíní.

Grazia Deledda lena fear céile agus lena mac sa Róimh timpeall na bliana 1905.

D'fhoilsigh sí úrscéalta ar L'ultima moda, iris a bhí ag foilsiú próis agus filíochta ag an am. Chuir Trevisano Nell'azzurro amach sa bhliain 1890, agus tháinig Paesaggi sardi ó Speirani sa bhliain 1896. Tháinig Anime oneste amach sa bhliain 1895 agus Il vecchio della montagna amach sa bhliain 1900, agus bhí saothair dá cuid le léamh ar na hirisí La Sardegna, Piccola rivista agus Nuova Antologia. Faoin am sin bhí na criticeoirí ag tabhairt airde uirthi.

Casadh Palmiro Madesani, feidhmeannach de chuid Aireacht an Chogaidh, uirthi sa bhliain 1899. Phós siad sa bhliain 1900 agus d'aistrigh Deledda go dtí an Róimh.

Cuireadh bailchríoch ar a clú nuair a d'fhoilsigh sí Elias Portolu sa bhliain 1903 agus bhí éileamh as sin amach ar a cuid úrscéalta agus drámaí: Cenere (1904 - saothar a rinneadh scannán de le Eleonora Duse), L'edera (1908), Sino al confine (1911), Colombo e sparvieri (1912), Canne al vento (1913), L'incendio nell'oliveto (1918), Il Dio dei venti (1922).

Cailleadh sa Róimh í in aois a ceithre bliana is seasca.

Tréithe a saothair[athraigh | edit source]

Téann saothar uile Deledda i ngleic leis an ngrá, leis an mbuairt agus leis an mbás, rudaí a chuirtear in iúl trí oibriú na cinniúna. Bhíonn dlúthbhaint idir áiteanna agus daoine, idir mothúcháin agus timpeallacht.

Bhí an-mheas ar a saothar ag Luigi Capuana agus ag Giovanni Verga, agus chuaigh sí i bhfeidhm ar scríbhneoirí níos óige. Bhí iomrá léi i dtíortha eile, agus mhol idir Maxim Gorky agus D. H. Lawrence í. Deir criticeoirí éigin go bhfuil cosúlacht idir í agus Verga, Leo Tolstoy agus Honoré de Balzac. D'aistrigh sí Eugenia Grandet, leabhar de chuid Balzac, go hIodáilis. Tá a saothar féin fréamhaithe i ndúchas na Sairdíne, agus chuir sí síos ar "la saggezza profonda ed autentica" (an fhíorchríonnacht dhomhain) a bhí le fáil i seandaoine áirithe den oileán úd, daoine ar mhó a d'fhoghlaim sí uathu ná ó leabhar ar bith.[1] Bhí amhras ag muintir a háite duchais gur léirigh sí mar thuathánaigh gharbha gan foghlaim iad, ach thug criticeoirí faoi deara cé chomh bríomhar agus chomh nádúrtha a bhí caint a cuid pearsana, rud a thug úire nua isteach i litríocht na hIodáilise.

Na príomhshaothair[athraigh | edit source]

  • Fior di Sardegna (1892)
  • La via del male (1896)
  • Racconti sardi (1895)
  • Anime oneste (1895)
  • Dopo il divorzio (1902)
  • Elias Portolu (1903)
  • Cenere (1904)
  • L'edera (1908)
  • Canne al vento (1913)
  • Marianna Sirca (1915)
  • La madre (1920)
  • La fuga in Egitto (1925)
  • Il sigillo d'amore (1926)
  • Cosima (1937) a foilsíodh tar éis a báis
  • Il cedro del Libano (1939) a foilsíodh tar éis a báis

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Intendo ricordare la Sardegna della mia fanciullezza, ma soprattutto la saggezza profonda ed autentica, il modo di pensare e di vivere, quasi religioso di certi vecchi pastori e contadini sardi (...) nonostante la loro assoluta mancanza di cultura, fa credere ad una abitudine atavica di pensiero e di contemplazione superiore della vita e delle cose di là della vita. Da alcuni di questi vecchi ho appreso verità e cognizioni che nessun libro mi ha rivelato più limpide e consolanti. Sono le grandi verità fondamentali che i primi abitatori della terra dovettero scavare da loro stessi, maestri e scolari a un tempo, al cospetto dei grandiosi arcani della natura e del cuore umano... Sliocht as an tsraith "La Voce dei Grandi", atá le fáil freisin in "Il Convegno", Omaggio alla Deledda (N. Valle), 1959.

A guth[athraigh | edit source]

Guth taifeadta an údair agus í ag caint ag deasghnáth Nobel sa bhliain 1926.

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Luigi Capuana, Gli «ismi» contemporanei: verismo, simbolismo, idealismo, cosmopolitismo ed altri saggi di critica letteraria ed artistica, Catania, Giannotta, 1898.
  • Emilio Cecchi, Grazia Deledda, in Prosatori e narratori, in Storia della letteratura italiana. Il Novecento, Milano, Garzanti, 1967.
  • Antonio Piromalli, Grazia Deledda, Firenze, La Nuova Italia, 1968.
  • Nicola Tanda, Grazia Deledda, in Letteratura Italiana Contemporanea - I, a chuir G. Mariani, M. Petrucciani in eagar, Roma, Lucarini, 1979; Dal mito dell’isola all’isola del mito. Deledda e dintorni [agus aguisín de litreacha leis], Roma, Bulzoni, Roma, 1992; réamhrá le Canne al vento, Milano, Mondadori, 1993.
  • Giulio Angioni, réamhrá le Nel deserto, Bibliotheca sarda, Nuoro, Ilisso, 2008, agus réamhrá le Tradizioni popolari di Nuoro, Bibliotheca sarda, Nuoro, Ilisso, 2010.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]