Laura Cereta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLaura Cereta

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1469
Brescia Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1499
29/30 bliana d'aois
Brescia Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, gníomhaí ar son chearta na mban Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis

Daonnachaí de chuid na hAthbheochana ba ea Laura Cereta (1469–1499). Tá an chuid is mó dá saothar le fáil sna litreacha a scríobh sí chun intleachtóirí eile.

A beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Cereta i mBrescia. Bhí sí ar an duine ba shine de sheisear páistí, agus baint acu le muintir dhearscnaitheach. Ba é Silvestro Cereta a n-athair agus é ina aturnae agus ina ghiúistís.

Caisleán Brescia.

In aois a seacht mbliana cuireadh Laura chun clochair chun scoláiocht a fháil, agus tugadh abhaile arís í in aois a naoi mbliana chun aire a thabhairt don chuid eile den chlann. Mhúin a hathair Laidin agus Gréigis di.

Nuair a bhí sí cúig mbliana déag d'aois phós sí Pietro Serina, ach fuair sé bás den fhiabhras i gceann ocht mí dhéag. Fágadh gan chlann í agus níor phós sí arís. Deirtear gur chrom sí ar fhealsúnacht mhorálta a mhúineadh dhá bhliain ina dhiaidh seo in Ollscoil Prada agus gur lean sí de ar feadh seacht mbliana, ach ní féidir é seo a chruthú le cáipéisí.

Sa bhliain 1488 d'fhoilsigh sí Epistolae familiares, bailiúchán litreacha. I gceann sé mhí cailleadh a hathair, agus dá bhrí sin agus de bharr a bhfuair sí de cháineadh ó fhir agus ó mhná as a saothar féin a fhoilsiú, níor fhan aon fhonn cumadóireachta uirthi.

Cailleadh í gan choinne sa bhliain 1499 in aois a tríocha bliain. Níor mhair aon saothar dá cuid ón tréimhse dheireanach dá saol.

Cereta i leith na mban[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt Cereta go raibh ceart ag mná ar oideachas agus chuir sí i gcoinne leatrom a dhéanamh ar mhná pósta. Lena chois sin chuir sí síos ar an gcogadh, ar an mbás agus ar an gcinniúint. Déanann sí tagairt i litir chun Bibolo Semproni do Cornificia, banfhile de chuid an chéad aois RCh. Tagairt annamh í i litríocht a linne agus tugann sí léargas ar mheon Laura agus ar a cuid léinn.[1]

Murab ionann is formhór na mban lena linn, bhí lucht aitheantais aici a d'éascaigh scríobh na litreacha.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Adde Cornificiam Cornificii Poetae germanam, cuius natus in litteras amor tantas artes acquisiit, ut & diceretur Castalio latice nutrita, & epigrammata descripserit Heliconiis floribus omni loco semper amoena. Epistulae (Cuir leis an gcuid eile Cornificia, deirfiúr Cornificius file, ar bhláthaigh a grá bunaidh don litríocht chomh mór sin go ndeirtí gur cothaíodh í le bainne bhéithe Chastáilia agus a scríobh eipeagraim a bhí maisithe riamh i ngach áit le bláthanna Heileacain).
  2. Laura Cereta Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine ag duchessmcetiquette.net

Foinse[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Collected Letters of a Renaissance Feminist, Diana Robin (eag.), University of Chicago Press (1997) ISBN 0-226-10013-8

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]