Franz Kafka
Feidhmeannach árachais, dlíodóir agus scríbhneoir Gearmáinise ab ea Franz Kafka (3 Iúil 1883 - 3 Meitheamh 1924). Meastar go forleathan go bhfuil Kafka ar cheann de na daoine is mó tionchair i litríocht an 20ú haois.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Kafka i bPrág san Ostair-Ungáir ag an am, arb í príomhchathair na Seice inniu í, agus tógadh i dteaghlach meánaicmeach Giúdach é.
Céimí de chuid Deutsche Karl-Ferdinands-Universität (Ollscoil Ghearmánach Karl-Ferdinand) i bPrág, d'aistrigh Kafka ón gceimic go dtí an dlí mar a phríomhábhar staidéir, ionas go mbeadh deis ní ba mhó aige staidéar a dhéanamh ar an nGearmáinis agus ar stair na healaíne agus toisc go raibh deiseanna gairme ní b'fhearr ag gabháil leis.[1]
Fuair Kafka dochtúireacht sa dlí sa bhliain 1906, tar éis dó staidéar a dhéanamh air ar feadh cúig bliana. Chaith sé bliain ina dhiaidh sin mar intéirneach gan phá sna cúirteanna, de réir a oibleagáide.
Obair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith Kafka an chuid eile dá shaol oibre in dhá chomhlacht árachais,
- Assicurazioni Generali (1907-1908) agus
- an Arbeiter-Unfallversicherungs-Anstalt für das Königreich Böhmen in Prag (An Foras um Árachas Timpiste na n-Oibrithe le haghaidh Ríocht na Boihéime i bPrág, 1908-1918).
An chuid is mó den am sin, dhéanadh Kafka fiosrúchán ar éilimh árachais maidir le timpistí agus measúnú árachais. De ghnáth chríochnaíodh Kafka a chuid oibre faoi 2in gach lá. Mar sin bhí go leor ama aige lena chuid scríbhneoireachta a dhéanamh.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1918, cuireadh Kafka amach ar phinsean míchumais mar gheall ar an eitinn, siocair a bháis sé bliana ina dhiaidh sin.
An eitinn ba thrúig bháis do Kafka. Bhásaigh sé in Klosterneuburg in aice le Vín.[2] De réir dealraimh, fuair Kafka bás go díreach leis an ocras ós rud é go raibh laraing athlasta aige de bharr na heitinne.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níor foilsíodh an chuid ba mhó dár scríobh Kafka ach i ndiaidh a bháis (féach na lisotaí thíos).
B'é a dhlúthchara agus seiceadóir liteartha, an scríbhneoir Max Brod (a bhí ina mhac léinn dlí leis), a choinnigh lámhscríbhinní Kafka i dtaisce. Thug Brod neamhaird ar threoir a thug Kafka ar leaba a bháis go ndófaí a chuid saothar neamhfhoilsithe. Chuir Brod os comhair an tsaoil mhóir iad, cé go raibh sé ordaithe ag Kafka féin dó na páipéir a chur trí thine.
Is iomaí saothar as an gcuid is clúití dá chuid scríbhneoireachta—mar shampla
- „Der Prozess“ (An Triail) (a bhfuil an fáthscéal „Vor dem Gesetz“ (I Láthair an Dlí) istigh ann, a foilsíodh cheana féin sa bhliain 1915). Gabhtar fear maidin amháin ar chúisimh anaithnide, agus feictear é féin faoi whims cúirte aisteach.
- „Der Schloss“ (An Caisleán)—tá mearbhall agus éidreoir le feiceáil iontu, faoi mar a bheadh i dtromluí, agus duine á chloí ag maorlathas atá míloighciúil agus treallach, de réir cosúlachta.
Tá móitífeanna agus téamaí ón dlí go mór i gceist ina chuid saothar.[3] Ar an mbealach sin, gan amhras, spreag oiliúint Kafka sa dlí agus a chuid oibre mar fheidhmeannach árachais a chuid saothar liteartha, go pointe áirithe, fiú mura raibh sé ar intinn ak Kafka scigaithris a dhéanamh ar cheachtar acu ar bhealach ar bith.
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh a chuid gearrscéalta agus úrscéalta go mór mór i bhfeidhm ar an litríocht ó na 1920idí ar aghaidh.
Is minic a dhéanann dlíodóirí agus breithiúna inniu tagairt reitriciúil do nóisean an 'Kafkachais' agus iad ag cáineadh léamha nó feidhmithe an dlí atá saoithíneach, míloighciúil nó luaineach, dar leo.[4]
Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsithe lena lá féin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1909 - Ein Damenbrevier ("Portús do mhná")
- 1909 - Gespräch mit dem Beter ("Comhrá le duine atá ag guí")
- 1909 - Gespräch mit dem Betrunkenen ("Comhrá le duine atá ar meisce")
- 1909 - Die Aeroplane in Brescia ("Na hEitleáin i mBrescia")
- 1912 - Großer Lärm ("Torann Mór")
- 1913 - Betrachtung ("Marana"; ocht dtéacs déag próis, ina measc: Der Ausflug ins Gebirge, Der plötzliche Spaziergang)
- 1913 - Das Urteil ("An Breithiúnas")
- 1913 - Der Heizer ("An Stócálaí", an chéad chaibidil as an úrscéal neamhchríochnaithe "Der Verschollene")
- 1915 - Die Verwandlung (An Claochlú)
- 1915 - Vor dem Gesetz ("Os Coinne an Dlí"[1], cuid den úrscéal Der Process)
- 1918 - Der Mord ("An Dúnmharú", 1918; seanleagan de: Ein Brudermord, "An Fhionaíl" (1919))
- 1918 - Ein Landarzt ("Dochtúir Tuaithe", ceithre théacs déag próis, ina measc an gearrscéal Ein Landarzt féin, chomh maith le Elf Söhne, Ein Bericht für eine Akademie agus a lán eile)
- 1919 - In der Strafkolonie ("Sa Choilíneacht Phionóis")
- 1921 - Der Kübelreiter ("An Fear atá ag Marcaíocht ar Bhuicéad Guail")
- 1924 - Ein Hungerkünstler ("Ealaíontóir Ocrais", ceithre théacs próis)
Foilseacháin iarbháis
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1904–1905 - Beschreibung eines Kampfes ("Cur Síos ar Chath")
- 1907–1908 - Hochzeitsvorbereitungen auf dem Lande ("Bainis Tuaithe á hUllmhú")
- 1914–1915 - Der Dorfschullehrer ("Máistir na Scoile Tuaithe")
- 1915 - Blumfeld, ein älterer Junggeselle ("Blumfeld, fear scothaosta nár phós")
- 1916–1917 - Der Gruftwächter ("Garda an Tuama")
- 1916–1917 - Die Brücke ("An Droichead". Max Brod a cheap an teideal.)
- 1917 - Eine Kreuzung ("Crosbhóithre")
- 1917 - Der Jäger Gracchus ("Gracchus, an Sealgaire". Max Brod a cheap an teideal)
- 1917 - Beim Bau der Chinesischen Mauer ("Ag Tógáil Bhalla Mór na Síne")
- 1917 - Eine alltägliche Verwirrung ("Meascán mearaí den ghnáthchineál". Max Brod a cheap an teideal)
- 1919 - Brief an den Vater ("Litir chuig an Athair")
- 1920 - Heimkehr ("Filleadh Abhaile" - Max Brod a cheap an teideal)
- 1920 - Das Stadtwappen ("Armas na Cathrach" - Max Brod a cheap an teideal)
- 1920 - Kleine Fabel ("Fabhalscéal Beag" - Max Brod a cheap an teideal)
- 1922 - Forschungen eines Hundes ("Madra ag Fiosrú" - Max Brod a cheap an teideal)
- 1922 - Das Ehepaar ("An Lánúin Pósta")
- 1923–1924 - Der Bau ("An Láithreán Tógála", Max Brod a cheap an teideal)
- 1925 - Der Process ("An Phróis Dlí"; bhreac an t-údar an scéal síos sna blianta 1914/15. Der Prozess an leagan comhaimseartha Gearmáinise den teideal, ach d'fheicfeá Der Prozeß agus Der Proceß freisin; Der Process a scríobh Kafka féin) (Tugtar An Triail ar leagan Gaeilge le Risteárd mac Annraoi den úrscéal seo.)
- 1926 - Das Schloss ("An Caisleán"; chuir Kafka an scéal seo ar pár an chéad uair sa bhliain 1922. Úrscéal neamhchríochnaithe é)
- 1927 - Der Verschollene ("An Fear a nDeachaigh Ceal ann". Scríobh Kafka an chéad sceits sa bhliain 1912. B'é an teideal a cheap Brod dó ná Amerika, is é sin, "Meiriceá", agus is minic a fhoilsítear an t-úrscéal seo faoin teideal sin inniu féin. Úrscéal neamhchríochnaithe eile atá ann).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ UCD School of Law. "Franz Kafka (1883-1924)" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-06.
- ↑ "Österreichische Franz Kafka Gesellschaft: Gedenkraum". www.franzkafka.at. Dáta rochtana: 2020-06-06.
- ↑ Scil Dlí, Ollscoil Chicago (2009). "[https://chicagounbound.uchicago.edu/cgi/viewcontent.cgi?article=5029&context=journal_articles Kafka: The Writer as Lawyer (reviewing Stanley Corngold, Jack Greenberg & Benno Wagner, eds., Franz Kafka: The Office Writings)]". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Mar shampla, in Éirinn, Cearbhall Ó Dálaigh agus tagairt do Melling v O Mathghamhna [1962] IR 1 (SC) 41 nó Wicklow County Council v O'Reilly [2019] IECA 257 (16 D.F. 2019) para 4.