Laraing

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtLaraing
Sonraí
Laidinlarynx
Cuid deconair riospráide uachtarach
Aitheantóirí
MeSHD007830
TAA06.2.01.001
FMA55097 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/larynx
Téarmaíocht anatamaíoch


An laraing

An chuid den chonair riospráide i ndaoine idir an traicé thuas is an laraingeafaraing thíos is ea an laraing. Tá sí suite i lár an mhuiníl chun tosaigh.

Tugtar bosca an ghutha uirthi freisin, mar is inti atá téada an ghutha atá freagrach as fuaim a ghiniúint.

Creatlach loingeán atá inti, iad nasctha le chéile ag ballnaisc ach in ann bogadh i leith a chéile. Ceanglaíonn matáin í leis an gcnámh hiadach, agus mar sin gluaiseann sí suas nuair a shlogann duine siar. An cnap crua a ghobann amach i dtosach an mhuiníl, úll na scornaí, is cuid den loingeán tíoróideach é.

Feidhmíonn an laraing mar chomhla chun bac a chur ar bhia is deoch dul isteach sna haerphasáistí faoina bun. Muna ndéantar é sin, tachtann duine agus díbrítear an t-ábhar.

Ról aici i rialú dhíbirt an aeir as na scamhóga trí fhairsinge an ghlotais a athrú. Is cinnte go ndéanann sí airdí fuaimeanna a athrú trí fhad is teannas théada an ghutha a athrú. Bíonn an guth fireannach níos toille ná an guth baineannach de bhrí go mbíonn an laraing níos mó is na téada níos faide aige.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Laraing". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 395.