Giúdaigh Aisceanazaíocha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Críostaithe agus Giúdaigh, 15ú haois sa Ghearmáin. Na Giúdaigh (ar dheis) ag caitheamh 'Hataí na nGiúdach', a bhí riachtanach le haghaidh na nGiúdach.

Is éard is na Giúdaigh Aisceanazaíocha ann ná (Eabhrais: אַשְׁכֲּנָזִים, fuaimnithe: [aʃkənazim ˌ], uimhir uatha: [ˌ aʃkənazi]; freisin יְהוּדֵי אַשְׁכֲּנָז, Yehudei Ashkenaz, "Giúdaigh na nAshkenaz"), na Giúdaigh de shliocht phobail na nGiúdach meánaoiseach a bhí lonnaithe le taobh na Réine sa Ghearmáin ó an Alsáis sa deisceart go dtí Dúiche na Réine sa tuaisceart.

San mheánaoise thug na Giúdaigh Aisceanaz ar an réigiún cois na Réine ar dtús báire agus ar an gcaoi sin, ar an nGearmáin uilig ina dhiaidh. Dá bhrí sin, is ionann "Aisceanásaíoch" nó "Giúdach Aisceanazaíoch" agus "Giúdach Gearmánach" Níos déanaí ar aghaidh, glaodh Aicseanásígh ar na Giúdaigh as Iarthair agus Lár na hEorpa toisc go raibh príomhionaid foghlama na nGiúdach suite sa Ghearmáin. Tugtar "Aisceanaz" ar phatrarc Iafethach freisin ar Thábla na Náisiún (Geineasas 10).

Aisceanazaíoch sa Ghearmáin (16ú haois) le marc buí sainordaitheach na nGiúdach ar a fhallaing. Iompraíonn sé mála airgid agus snáitheanna gairleoga - siombailí a d'úsáidtí go coitianta ar íomhánna na nGiúdach.