Die Verwandlung (An Claochlú)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clúdach leabhair

Is úrscéal fíorcháiliúl le Franz Kafka í Die Verwandlung (An Claochlú) a foilsíodh don chéad uair sa bhliain 1915. Ceaptar gurb í ceann de na húrscéalta is fiúntaí dar scríobhadh sa 20ú haois. Déantar staidéar ar go forleathan in ollscoileanna san domhan iarthar.

[athraigh] An Scéal

Tosaíonn an scéal le díoltóir taistealach, Gregor Samsa, agus ag dúiseacht dó ar maidin cinniúnach, is léir dó go bhfuil sé aistrithe ina ciaróg ghránna thar oíche. De réir dealramh níl Gregor in ann é féin a chuir in iúl mar ba ghnách ach tá tuiscint agus mothúcháin fágtha aige. De réir mar a thiteann sé amach chuirtear ar an eolas muid go bhfuil Gregor freagrach as ioncam ar fad na clainne a shaothrú. Siad baill na clainne ná a thuismitheoirí agus a deirfiúr. Tá fiacha ag a athar don chomhlacht ina bhfuil Gregor fostaithe sa chaoi go bhfuil ar Gregor obair leis gan faoiseamh.

Díreach tar éis an gclaochlú tá Gregor thar a bheith buartha faoina cuid oibre agus é faoi chomaoin ag a fostaitheoir. Í dtús chaitheann an teaghlach go maith leis agus go háirithe a dheirfiúr. Le himeacht ama éiríonn eatartha agus faoi dheireadh goineann a athair an chiaróg le húll a chaitheann sé leis. Sa ghéarchéim airgeadais a leanann faigheann chuile bhall den teaghlach obair fiúntach.

Ach de réir dealramh tá rudaí ag dul in olcas do Ghregor agus shéanann sé rud ar bith a ithe de bharr ísle brí agus an goinneadh a d'fhulaing sé ón úll. Ag pointe súntasach san úrscéal deireann an deirfiúr nach féidir leobh glacadh le Gregor mar bhall den chlann níos mó agus de bharr a gcuid foighde agus gcúraim nach bhféadfaí locht a fáil leobh. Téann rudaí in olcas do Ghregor agus faigheann sé bás i ndeireadh thír thall.

Díreach tar éis bás Gregor fágann an triúr eile an teach le chéile don chéad uair ó tharla an claochlú agus braitheann siad nach bhfuil rudaí chomh dona sin leobh agus na tuismitheoirí ag breathnú ar a hiníon mhothaíonn siad go bhfuil sí go breá sláintiúl daithiúl agus é in am di pósadh.

Do chuid uirlisí