Árachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cosaint airgeadais ar rud éigin a d'fhéadfadh tarlú é an t-árachas.[1] Tá conradh dlíthiúil ann de ghnáth, ina ngeallann árachóir méid sonraithe a íoc le páirtí eile, an t-árachaí, má tharlaíonn teagmhas ar leith (ar a dtugtar an priacal) a bhfulaingíonn an t-árachaí caillteanas airgid dá bharr.[2] Is iad achtúirí na daoine a dhéanann an measúnú ar chostas an árachais.

Cineál Árachais[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Árachas sláinte
  • Árachas gluaisteáin
  • Árachas tí
  • Árachas tionóisce

Árachas Sóisialach Pá-choibhneasta[cuir in eagar | athraigh foinse]

1905ː an Nua-Shéalainn

Is é seo árachas atá riachtanach in Éirinn. Tá ar gach duine atá ag tuill airgead íoc as, agus téann an airgead isteach chuig an Ciste Árachais Shóisialaigh [3]. Tugann an costas seo cosaint duit i gcás gortú nó cailliúint do phoist. Tá liosta fhada do no sochar atá le fáil, tá Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta, Sochar Sláinte agus Sábháilteachta, Sochar Máithreachais, Sochar Uchtála, Sochar Easláine, Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir (Ranníocaíoch), Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocaíoch), Pinsean Stáit (Idirlinne), Pinsean Stáit (Ranníocaíoch), Deontas Méala, Sochar Cóireála, Sochair Dhíobhálacha Ceirde, Sochar Cúramóra san áireamh [4].

Cuideachtaí Árachais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an "Irish Insurers Federation" (IFF) an ball ionadaíoch d'árachóirí in Éirinn [5]. Tá 63 cuideachta mar bhaill don ghrúpa seo. Tá thart ar 15,000 duine fostaithe go díreach sa tionsclaíocht. Is iad "Irish Life" agus "Hibernian Aviva" na cuideachtaí is cáiliúla in Éirinn.

Algemeene Verzeekering-Maatschappij Providentia, circa 1900idí

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Staidéar Gnó an Teastais Shóisearaigh". Dáta rochtana: 2020.
  2. ""árachas"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-05-15.
  3. http://www.welfare.ie/GA/Topics/PRSI/Pages/prsiexp.aspx
  4. http://www.welfare.ie/GA/Topics/PRSI/Pages/prsiclasses.aspx
  5. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-12-12. Dáta rochtana: 2009-12-23.