Dunnstown, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDunnstown, Victoria

Suíomh
Map
 37°36′S 144°00′E / 37.6°S 144°E / -37.6; 144
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán244 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3352 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Dunnstown. Tá sé suite i Sír Moorabool in aice le Ballarat agus tá foraois ina chóngar. Bhíodh gasraí de na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí ann, agus ina dhiaidh sin d'fhág na hÉireannaigh a rian air.

De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2011, bhí 262 duine ina gcónaí i nDunnstown agus sa cheantar máguaird. Níor de shliocht Bundúchasach aon duine acu.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain timpeall 5,500 Éireannach Port Phillip amach idir na blianta 1846 agus 1851. Thaitin Dunnstown lena lán acu toisc go raibh sé i ngar do Bhallarat agus go raibh fáil ar obair, go háirithe nuair a tháinig an bóthar iarainn sna 1870í. Chomh maith leis sin, bhí Dunnstown in aice leis an mbóthar idir Ballarat agus Melbourne. Bhí talamh á dhíol ina mhíreanna beaga ann, rud eile a mheall na hÉireannaigh.

Ar dtús bhí an ceantar go léir faoi chrainn. Bhí dhá mhuileann sábhadóireachta in aice le Dunnstown i gcaogaidí an 19ú haois, iad ag soláthar adhmaid do na mianadóirí óir timpeall Ballarat, agus búistéirí agus siopaí ann chun freastal ar na hoibrithe foraoise. Dhún na muilinn sna seascaidí agus cuid mhaith den talamh glanta acu, rud a chuaigh ar sochar don fheirmeoireacht agus an ithir chomh méith sin. Sholáthraíodh na feirmeoirí eorna don drioglann nó gur dhún sí. Ní raibh cruithneacht oiriúnach don cheantar ach d'éirigh thar barr leis na prátaí de bharr na báistí, na hithreach bolcánaí agus fhionnuartas na háite.

Tá seanmhianach caoilín le fáil timpeall 500 méadar soir ón sráidbhaile. Is furasta d'eibhear na háite mionbhruar a dhéanamh de bharr a bhfuil d'iathchloch ann, agus de sin a thagann an caoilín.

Rinneadh "Éire bheag" den cheantar agus na hÉireannaigh ag maireachtáil ar scáth a chéile ann. Bhí Gaeilge ag cuid mhór de na seandaoine. Bhí na nósanna céanna agus an creideamh céanna ag na hÉireannaigh uile, agus de réir a chéile d'fhág na Sasanaigh agus hAlbannaigh an ceantar. Tógadh scoil Chaitlicigh ann a raibh Siúracha Naomh Iósaf ag múineadh inti, agus iad ag freastal ar sheandaoine agus ar dhaoine tinne chomh maith. Tá an scoil ann fós.

D'oscail oifig an phoist ar 21 Samhain 1864, agus i gceann tamaill cuireadh malartán guthán ar bun inti. Dhún sí sa bhliain 1980.[2]

Sliabh Warrenheip[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seanbholcánach atá os cionn Dunnstown is ea Sliabh Warrenheip, agus ciallaíonn an t-ainm "cleití éimiú". Na Wathaurong, pobal Bundúchasach na háite, a thug an t-ainm sin air agus iad ag cuimhneamh ar a raibh de raithneach ann. Tá sé 741 méadar faoi gcuairt agus 170 méadar ar airde.

Bhí an bolcán beo idir 50,000 agus 100,000 bliain ó shin, agus ritheadh an laibhe ó dheas. D'fhág sí timpeall cúig sraith basailt ina diaidh agus gach ceann acu idir deich méadar agus fiche méadar ar dhoimhne.

Bhíodh Sliabh Warrenheip faoi chrainn ar fad nó gur leagadh cuid mhaith acu i lár an 19ú haois le haghaidh mianach, tithe agus páipéir. Nuair a tháinig deireadh leis an lománaíocht d'fhas na crainn arís, agus is dócha go bhfuil a oiread crann anois ann is a bhí riamh.

Tá Kryal Castle, cóip de chaisleán meánaoiseach, le fáil faoi bhun an tsléibhe. Tá tarraingt turasóirí ar an áit, agus tá giústáil, siamsa agus aíocht le fáil ann.

An drioglann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an drioglann ar bun sa bhliain 1862. Ba le R. Dunn í agus as-san a ainmníodh an ceantar. Bhí an drioglann 299 troigh ar fad agus sé bhothán ina aice léi don scór fear a bhí ar fostú ann. Bhí a lán feirmeoirí ag obair go páirtaimseartha ann agus iad ag déanamh sealaíochta chun cúpla punt sa bhreis a thuilleamh. Tháinig meath éigin ar an ngnó agus sa bhliain 1878 cheannaigh Henry Brind é. Idir na blianta 1864 agus 1927 bhí uisce beatha, rum, branda, biotáille Ghinéive agus pórtfhíon den scoth á ndéanamh ann.

Chuireadh an drioglann eorna chun drioglainne eile in Corio, in aice le Geelong. Sa bhliain 1927 d'aistrigh an gnó go léir go dtí Corio, agus níl sa tseandrioglann anois ach teach fásaigh.

Teach Mór Chill Airne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teach galánta trí hurlár is ea "Kilarney Mansion" agus é tógtha ag an toicí Thomas O'Loughlin sa bhliain 1853. Athmhianadóir ba ea an Lochlannach, agus fuair sé slám maith airgid óna uncail Máirtín Mór le hoidhreacht.

Bhí an Lochlannach ina Chaitliceach díograiseach, agus thug sé airgead mór don Eaglais chun scoil agus séipéal a thógáil. Rinne an Pápa cunta de de bharr a fhéile, agus luaití go coitianta leis mar "Count O'Loughlin".

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá foireann peile ag Dunnstown agus í páirteach sa Central Highlands Football League.[3]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léigh freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cahir, Dianne: Spuds, Saints and Scholars: Irish settlement & the development of Catholicity at Dunnstown. B&W 1998.