Ballarat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ballarat
Ballarat
RedDot.png
Suíomh

37°33′ Theas 143°51′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Australia.svg An Astráil
Stát: Victoria
Méara: Craig Fletcher
Déimeagrafaic
Achar: 740 km²
Daonra: 78,221 (2006)[1]
Dlús daonra: 1,220 km²/km²
Crios ama: AEST
www.ballarat.vic.gov.au

Cathair i stát Victoria san Astráil is ea Ballarat agus í suite ar machaire íochtarach an Ardáin Láir agus ar abhantrach Abhainn Yarrowee. Tá sí ar an gcathair intíre is mó san Astráil agus timpeall 96,000 duine ina gcónaí ann, daonra atá ag méadú i gcónaí.[2]

Archibald Yuille, lonnaitheoir Albannach, ba chúis le Ballarat a thabhairt ar an áit, ós eisean a thug an t-ainm ar réimse caorach dá chuid sa bhliain 1837.[3] Tagann an t-ainm ó "balla arat", fhocail ó theanga Bhundúchasach na Wathaurong a chiallaíonn "áit scíthe," más fíor.

Plaic chuimhneacháin faoi nochtadh an óir ag Fód na hAinnise.

Tháinig borradh suntasach faoin gcathair de bharr an óir a fuarthas ann sa 19ú haois. Thángthas ar ór ag Fód na hAinnise (Poverty Point, a dtugtar Golden Point anois air) ar 18 Lúnasa 1851, agus ba ghearr go bhfuair siad amach gur cheantar glárach é arbh fhurasta ór a bhaint as. Tharraing an scéal na mílte as gach cearn agus a lán Éireannach san áireamh, agus i gceann bliana bhí baile mór san áit a mbíodh crainn agus caoirigh.[4]Tógadh an chéad mhuileann stampála san Astráil ann sa bhliain 1854.

Lean imeachtaí eile an mhianadóireacht. Tharla Éirí Amach Eureka (an t-aon éirí amach armtha i stair na tíre) ar 3 Nollaig 1854 ag Síog Mhiandóireachta Eureka mar agóid i gcoinne chostas ard na gceadúnas mianadóireachta. Eachtra í arb í siombail an daonlathais san Astráil í ó shin i leith, agus tá bratach na hócáide ar caomhnú fós. I rith na ré céanna, sa bhliain 1857, leagadh amach Luibhghairdíní Ballarat, agus iad ar na luibhghairdíní is fearr sa tír.[5]Is cuid suntais é an méid dealbh atá iontu, agus sraith bustaí de Phríomh-Airí na tíre ann chomh maith. Tá Her Majesty's ann, amharclann a tógadh sa bhliain 1875 agus í ar an gceann is buaine san Astráil, [6] agus an chéad réadlann bhardach san Astráil, a bunaíodh sa bhliain 1886.[7]

Fógraíodh Ballarat ina chathair sa bhliain 1871, ach mheath a rath de bharr lagú a theacht ar an mianadóireacht. Mar sin féin, tá tábhacht leis an tráchtáil agus leis an turasóireacht fós.

Stair[athraigh | edit source]

Na Bundúchasaigh[athraigh | edit source]

Ba iad na Wathaurong, pobal Bundúchasach, an chéad chine a bhí ann. Timpeall sé dhíorma dhéag a bhí ag baint leis na Wathaurong, agus iad le fáil trí chuid mhaith de dheisceart Victoria. Tá a n-áiteanna cónaithe, a gcuid cairéal agus crainn ar baineadh roinnt coirte díobh le fáil timpeall Bhallarat.[8]

Ba iad na Burrumbeet Balug a bhí ina gcónaí i limistéar Ballarat, agus iad ag pósadh daoine ó na Dja Dja wurrung sa chríoch thuaidh agus ó na Djap wurrung thiar.[9]

Chuaigh teacht na nEorpach go dona do na Wathaurong agus do na Dja Dja Wurrung. Chaill siad a dtailte agus rinne an t-ól an-díobháil dóibh. Fuair cuid acu dídean i Stáisiún Coimearcais na mBundúchasach (Aboriginal Protectorate Station) ag Daylesford, tamall maith ó Bhallarat, agus chuaigh cuid eile ag obair ar na réimsí caorach. Chruinnigh cuid eile fós ar imeall na cathrach agus iad ag iarraidh déirce nó ag díol éisc, ciseán agus craicinn phasam. Bhí galracha agus ól á ndíothú, agus chuir roinnt acu fúthu ag stáisiúin rialtais ag Framlingham agus Coranderrk.[10]

Níl mórán eolais ar fáil ar Wathaurong Ballarat i ré an óir. Tá tuairiscí ar chuid acu a bheith sa chúirt ó am go chéile, agus tá cuntas ón mbliain 1852 ar iad a bheith ina n-ula mhagaidh ag mianadóirí. I Mí Mhárta na bliana 1867 rinne daoine de chuid na Wathaurung agus na Djab wurrung rince (carabairí) ar fhaiche áitiúil do phobal na cathrach.[11]

Mullawallah (Frank Wilson)[athraigh | edit source]

Bhí Mullawallah ar dhuine de thriúr fear de na Wathaurong ar a laghad ar bhronn na hEorpaigh teideal "King Billy" orthu. Ba iad Bullip Bullip ó dhíorma Beerekwart Balug (a cailleadh ag Coranderrk sa bhliain 1881) agus Boni-no-Yarrum ó dhíorma Wardeyallok Gundidj (a cailleadh ag Linton sa bhliain 1882) na daoine eile. Rugadh Mullawallah timpeall na bliana 1821 agus baint aige, más fíor, leis na Burrumbeet Balug, díorma a bhí ina gcónaí timpeall Loch Burrumbeet agus Ballarat. Thóg sé a shloinne Eorpach ón Ridire Samuel Wilson, úinéir réimse caorach Ercildoune in aice le Ballarat. Fear aithnidiúil ba ea Mullawallah i limistéar Bhallarat, agus i Lúnasa na bliana 1880 thaispeáin sé conas búmaraing a chaitheamh i Sráid Sturt. Ar 23 Meán Fómhair 1996 fuair sé bás in ospidéal i mBallarat. Bhí an t-iomrá leis gurbh eisean an duine deireanach den Wathaurong, scéal nach raibh bunús leis, ó tá daoine de shliocht an phobail sin ann i gcónaí.[12]

Meamram Comhthuisceana[athraigh | edit source]

Ar 24 Deireadh Fómhair 2007 shínígh Cumann Iarsmalanna Sovereign Hill agus Lárionad Bundúchasach Kirrit Barreet Meamram Comthuisceana. Tugann sé aitheantas do na Wathaurong agus do na Bundúchasaigh eile atá ina gcónaí i mBallarat. Táthar chun caidreamh cultúrtha a neartú agus léargas a thabhairt ar oidhreacht Bhunduchasach na n-órcheantar.[13]

Na chéad Eorpaigh[athraigh | edit source]

Tháinig Archibald Buchanan Yuille agus a dheartháir William Cross Yuille, Albannaigh, sa bhliain 1837 agus lonnaigh ar réimse caorach 10,000 acra. Thóg William bothán ag an Riasc Dubh sa bhliain 1838. Ar dtús thugadh daoine "Yuille's Station" agus "Yuille's Swamp" ar an áit, ach thug Archibald "Ballaarat" uirthi. Síltear gur thóg sé an t-ainm seo ó "balla arat," dhá fhocal Wathaurong. "Uillinn lúbtha" an bhrí atá le "balla" i gcanúintí éigin ("áit scíthe," mar sin), agus "áit" an bhrí atá le "arat".

Ruathar óir[athraigh | edit source]

Pubaill na mianadóirí ag Ballarat i samhradh na bliana 1854. Eugene von Guerard.

Ar 19 Lúnasa 1851 tháinig John Dunlop agus James Regan cúpla unsa óir ag Fód na hAinnise, agus ba leor sin chun na sluaite a tharraingt ar an áit. Is iomaí mianach glárach agus mianach domhain a bhí le fáil sa limistéar, agus bhí fir ann as gach cearn, in éineacht le mná agus páistí. Bhí órcheantair le fáil sa limistéar ba leithne, leithéidí Berringa, Clunes, Creswick, Talbot agus Enfield, ach ba é ceantar Ballarat an ceann ba thábhachtaí. Leagadh cuid mhaith den fhoraois chun an t-éileamh ar chláir agus ar chuaillí a shásamh, agus bhí an talamh greagnaithe le poill. Bhí a lán Éireannach ann agus Gaeilge ag cuid mhór acu. Bhí daoine de gach aicme ann, ach ba iad na fir a bhí cleachtach le sclábhaíocht na fir ab oiriúnaí chun na hoibre.

D'oscail oifig an phoist ar 1 Samhain 1851.[14]

Rinne William Urquhart suirbhéireacht ar an gceantar i Mí Dheireadh Fómhair 1851.[15] Faoin mbliain 1852 bhí plean eangaí curtha ar fáil aige do Bhallarat Thiar, baile nua, agus sráideanna leathana ann. [16] Ba mhór idir sin agus Ballarat Thoir, an áit ba thúisce ar chuir daoine fúthu ann agus í lán de shráideanna cúnga fánacha, de loganna agus de phubaill.

Móid dílseachta á déanamh do bhratach na Croise Theas ag Bábhún Eureka ar 1 Nollaig 1854. Uiscedhath le Charles Doudiet

Bhíodh na mianadóirí á gciapadh ag na húdaráis maidir le ceadúnais mhianadóireachta, rud a raibh praghas ard air. Ar an gcúis seo agus ar chúiseanna eile chruinnigh cuid de na mianadóirí le chéile faoi cheannas Peter Lalor, Éireannach, gur thóg siad bábhún agus gur éirigh amach. D'ionsaigh saighdiúirí an bábhún ar 3 Nollaig 1854, agus Éireannaigh ag troid ar an dá thaobh. Maraíodh dhá mhianadóir is fiche, ach nuair a cuireadh cúirt as tréas ar chuid eile acu in Melbourne scaoil an giúiré saor iad. D'éirigh le Lalor éalú, cé gur chaill sé lámh. Toghadh é ina theachta parlaiminte ina dhiaidh sin.

Thugtaí "Cathair an Óir" ar Bhallarat i rith caogaidí an 19ú haois.[17] agus bhí rath mór ar an áit sna seascaidí de bharr na mianadóireachta. D'fhág sin a rian ar na foirgnimh phoiblí, ar na faichí, ar chuid de na siopaí agus ar a lán tithe. Tháinig an bóthar iarainn freisin sa bhliain 1862 agus é ina nasc idir Ballarat agus Geelong, caladh ar chósta an deiscirt.[18]

Éireannaigh[athraigh | edit source]

Is dócha gurbh Éireannach é Terence McManiss, fear botháin, ar mharaigh na Wathaurong é ag Murdering Valley taobh thiar theas de cheantar Sebastopol sa bhliain 1838.[19] Is iomaí Éireannach a thug a aghaidh ar órcheantair Ballarat i gcaogaidí an 19ú haois, agus míchlú ar roinnt acu (an "Tipperary mob") mar ghrabálaithe réimsí lamháilte. Bhí na hÉireannaigh chun tosaigh in achrann Eureka toisc an oiread sin díobh a bheith ag obair ar an tsíog a bhí ann, agus iadsan is mó a bhí sa bhábhún nuair a d'ionsaigh na húdaráis é.[20]

Bhí Gaeilge ag cuid mhaith de na mianadóirí agus ag na hÉireannaigh eile a chuir fúthu timpeall Ballarat i limistéar Clark's Hill (Bungaree, Springbank agus áiteanna eile), i Sruthán an Mhuilinn (Millbrook) agus in aice le Gordon. B'as Contae an Chláir do mhórán acu.[21]

Bhí Éireannaigh (ar Chaitlicigh a bhformhór) ina gcónaí i mBallarat féin, agus sa bhliain 1875 bhí foclóirí Gaeilge ar liosta leabhar Richard Vale, an díoltóir leabhar ba mhó sa chathair.[22]

Ar na díograiseoirí Gaeilge ba mhó bhí Pádraig Ó Fearghail (1853-1917), Corcaíoch a chuir faoi in Sebastopol agus a mbíodh cruinnithe Gaeilge ina theach aige ó na 1870í amach. D'fhaigheadh sé Irisleabhar na Gaedhilge, páipéar a gcuireadh sé ar aghaidh i measc a lucht aitheantais, agus ba mhinic ag scríobh chun páipéar eile é.[23]

Meath agus athneartú[athraigh | edit source]

I seachtóidí an 19ú haois thosaigh Ballarat ag aistriú ó ré an óir go dtí ré na tionsclaíochta. Bhí mianadóireacht dhomhain ar siúl, rud ba chúis le tionscail agus ceardlanna a bhunú. Rinneadh cathair de Bhallarat sa bhliain 1871 agus tógadh taiscumar Gong Gong sa bhliain 1877 chun tuilte a mhaolú agus foinse huan uisce a sholáthar. I Mí na Nollag 1889 críochnaíodh bóthar iarainn idir Ballarat agus Melbourne. [24]

Tar éis na bliana 1900, áfach, stad fás na cathrach, agus thit an daonra le linn an Chéad Chogadh Domhanda, rud a lig do Geelong tosach a bhaint de Bhallarat.[25] Ach bhí na brúscocairí ar a ndícheall ag iarraidh tionscail nua, agus i Mí Aibreán na bliana 1917 osclaíodh Ceardlanna Iarnróid Ballarat Thuaidh.[26] Ach lagaigh an Spealadh Mór an geilleagar áitiúil, agus cailleadh mórán gnólachtaí dá bharr.

Mar sin féin, thosaigh an chathair ag teacht chuici féin ar feadh na tréimhse sin. Feabhsaíodh an bonneagar agus séarachas nua san áireamh. Tógadh aerfort sa bhliain 1930 agus mhéadaigh an daonra. Chuidigh an Dara Cogadh Domhanda leis an neartú seo, ó ba é an t-aerfort bunáit Scoil Raidió Aerghunnadóirí an RAAF agus scuaidríní de bhuamálaithe Liberator an USAAF.

Lean an chathair uirthi ag fás tar éis an Chogaidh, agus thóg Coimisiún Tithíochta Victoria eastát mór ar an seanchoimín (Wendouree Thiar). [27] Idir na blianta 1951 agus 1962 a tógadh formhór na dtithe, agus a lán tithe príobháideacha á dtógáil ag an am céanna in Wendouree, an fobhaile is gaire. Is é an limistéar seo uile lárcheantar meánaicmeach na cathrach.

Faoi na seachtóidí bhí na chéad rialacha á gcur i bhfeidhm chun seanoidhreacht na cathrach a chaomhnú. Osclaíodh ionad oidhreachta Sovereign Hill chun léargas a thabhairt ar ré na mianadóireachta, agus cuireadh dlús leis an turasóireacht dá bharr. Sa bhliain 2008 moladh go méadófaí fás Ballarat laistiar de lár na cathrach agus go mbainfí feidhm as blocanna ionchathrach tithíochta.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Ag féachaint soir thar Loch Wendouree.

Tá Ballarat le fáil faoi bhun an Ardáin Láir, raon cnoc gan sléibhte móra, agus é suite ar mhachaire atá ag síneadh ó Chreswick sa tuaisceart ó dheas chun Rokewood, agus ó Lal Lal san oirthuaisceart siar go dtí Pittong. Is éard atá sa mhachaire dríodar glárach agus sreabha bolcánacha, agus tá ithir an-mhéith ann .[28]

Loch Wendouree[athraigh | edit source]

Tá Loch Wendouree in oirthuaisceart na cathrach agus crainn le fáil ina mórthimpeall. Riasc a bhí ann ar dtús agus thugadh na chéad Eorpaigh "Yuille's Swamp" air.

Roimh theacht na nEorpach dhéanadh na Burrumbeet Balug campáil ar ardán ar imeall iardheisceartach an réisc. Bhí luachair ann le haghaidh ciseán agus iasc nó éin ann mar bhia. Dhéantaí na héin a ruaigeadh le búmaraing i dtreo líon a bhíodh sínte idir dhá chrainn, agus mharófaí iasc le ga, líon nó dorú adhmaid. Sa bhliain 1838 rinne G.A. Robinson, Príomh-Chaomhnóir na mBundúchasach, tagairt dó mar "mhurlach tirim". Deireadh na Burrumbeet Balug gurbh iad na hEorpaigh ba chúis leis an tiormacht.[29]

Faoraois agus uisce[athraigh | edit source]

Tá lár na cathrach suite ar ísleán abhantrach Yarrowee, rud a fhágann nach féidir Ballarat a fheiceáil ach ó na cnoic agus ón ísleán thoir. Tá abhainn Yarrowee clúdaithe i lár na cathrach agus gan inti anois ach draein.

Is iomaí dlúthchoill atá timpeall Ballarat agus a lán lochanna, aibhneacha agus sruthán a bhaintear tairbhe astu chun uisce a sholáthar don chathair agus d’fheirmeoirí.

Geilleagar[athraigh | edit source]

Tá Ballarat i dtaobh go mór le seirbhísí, turasóireacht, déantúsaíocht, oideachas agus teicneolaíocht eolais. Tá tábhacht freisin le talmhaíocht, mianadóireacht agus fuinneamh athnuaite.

Tá mealanna siopadóireachta ann agus stóir ilrannacha, ar nós Myer agus Target, iontu. Tá ollmhargaí náisiúnta ann, siopaí speisialtachta agus na ceithre bhanc mhóra. Bunaíodh Ollscoil Ballarat sa bhliain 1994 ar bhonn seaninstitiúidí a bhí ann cheana, agus tá ainm an dea-oideachais uirthi. Tá clár mór ann do mhic léinn idirnáisiúnta agus tá a cuid clár cianoideachais le fáil ar fud na tíre.

Tá os cionn 1,400 ar fostú i bPáirc Teicneolaíochta Ollscoil Ballarat.

Déantúsaíocht[athraigh | edit source]

Sa bhliain 2006 bhí 14.8% d’oibrithe na cathrach ar fostú san earnáil déantúsaíochta.[30] Tá déantóirí idirnáisiúnta ann. Tá Mars, Incorporated ann ón mbliain 1979 i leith,[31] agus tá ceanncheathrú McCain Foods Limited, comhlacht próiseála prátaí, ann ón mbliain 1970 i leith.[32]

Tá earraí iompair phoiblí á ndéanamh ag Ceardlanna Ballarat Thuaidh, agus infheistíocht faighte ó Alstom.[33] Tá a lán comhlachtaí áitiúla ann chomh maith, agus éadach, earraí innealtóireachta, bia, brící agus sclátaí, ábhar tógála agus baill uathghluaisneacha á ndéanamh acu.

Aeráid[athraigh | edit source]

Ballarat – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 42.0 44.1 37.7 31.5 26.1 21.6 19.1 23.0 27.9 33.4 37.3 40.6 44.1
Meán-uasteocht an lae (°C) 25.1 25.0 22.2 17.6 13.6 10.8 10.0 11.4 13.8 16.6 19.6 22.5 17.3
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 10.8 11.4 9.9 7.5 5.7 4.0 3.2 3.7 4.8 6.2 7.8 9.4 7.0
Teocht is ísle (°C) 0.7 -1.4 -0.6 -4.1 -4.5 -4.6 -6.0 -5.0 -4.5 -3.6 -1.0 -1.0 -6.0
Meán-bháisteach (mm) 38.1 43.0 43.0 51.8 64.8 63.0 66.4 75.3 72.1 67.4 56.3 51.4 693.1
Foinse: Bureau of Meteorology[34] Eanáir 2011

Nasc-Bhailte[athraigh | edit source]

Daoine Cáiliúla[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. (Béarla) "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Ballarat (Urban Centre/Locality)", Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007).
  2. >'Ballarat population nears 10,000,' Jordan Oliver, The Courier, 22 Aibreán 2010 [1]
  3. Buninyong monument. Ballarat Reform League.
  4. Féach Bates, 1978.
  5. BALLARAT BOTANIC GARDENS | National Trust of Australia (Victoria). Nattrust.com.au.
  6. Freund, Peter & Sarah, Val: Her Maj: A History of Her Majesty's Theatre, Ballarat. ISBN 978-0-9757483-1-2.
  7. Ballaarat Astronomical Society. Observatory.ballarat.net.
  8. Morris, John (Ballarat Aboriginal Co-operative), 'Ballarat's Indigenous Heritage,' Research Notes for Secondary Schools': http://sheducationcom.ascetinteractive.biz/uploads//SovHill%20indigenousheritage%20notes%20ss1.pdf.
  9. http://badac.ballarat.net.au/heritage.htm
  10. Morris, 'Ballarat's Indigenous Heritage'.
  11. http://badac.ballarat.net.au/heritage.htm
  12. http://badac.ballarat.net.au/heritage/frank/frank.htm.
  13. 'Step forward for heritage,' The Courier, 24 October 2007: http://www.thecourier.com.au/news/local/news/news-features/step-forward-for-heritage/525791.aspx.
  14. Premier Postal History: Post Office List: https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country=
  15. James, Ken. The surveying career of William Swan Urquhart, 1845–1864: http://www.prov.vic.gov.au/provenance/no8/SurveyingCareer1.asp%7Cwork=Public Record Office Victoria
  16. Jacobs, Wendy. Ballarat: A Guide to Buildings and Areas 1851–1940. Jacob Lewis Vines Conservation Architects and Planners (1981), lch 11.
  17. Perkin, Corrie: 'Golden city of Ballarat comes into the picture,' The Australian, 1 September 2009: [http://www.theaustralian.com.au/news/arts/golden-city-of-ballarat-comes-into-the-picture/story-e6frg8n6-1225768084821
  18. http://www.railgeelong.com/lineguide/geelong: Rail Geelong – Geelong Line Guide.
  19. http://badac.ballarat.net.au/heritage/sebas/sebastapol.htm Sebastopol.
  20. http://adb.anu.edu.au/biography/lalor-peter-3980 Turner, Ian: 'Lalor, Peter (1827–1889)', Australian Dictionary of Biography.
  21. I gcaogaidí agus i seascaidí an 19ú haois bhí an Ghaeilge láidir fós i gContae an Chláir agus i ndeisceart Thiobraid Árann. Féach Fitzgerald, Garret, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy, 1984.
  22. Ba bhall den Ord Oráisteach é Richard Vale. Féach a bheathaisnéis: http://adb.anu.edu.au/biography/vale-richard-tayler-4949 Parnaby, Joy E., 'Vale, Richard Tayler (1836–1916)', Australian Dictionary of Biography.
  23. Noone, Val: Hidden Ireland in Ballarat, c.1900, páipéar a léadh ag seimineár de chuid Melbourne Irish Studies Seminars (http://www.isaanz.org/events) ar 6 Meán Fómhair 2011.
  24. ' Tracks Across the State,' Sid Brown, Australian Railway Historical Society (Victorian Division), March 1990, lgh 71–76
  25. 'Progressive Geelong – Industrial Expansion. Development of the Harbour.' The Argus, Melbourne, 14 October 1921, lch 8.
  26. Lee, Robert. The Railways of Victoria 1854–2004 . Melbourne University Publishing Ltd 2007, lch 144. ISBN 978-0-522-85134-2
  27. Wendouree West Profile and History|url=http://www.wendoureewest.com/renewal/wendwest.htm#history%7Cwork=Wendouree West Community Renewa.
  28. City of Ballarat (Maps, Population & Location – http://www.ballarat.vic.gov.au/Global/Maps/index.aspx)
  29. http://badac.ballarat.net.au/heritage/lake/lake_wend.htm
  30. Ballarat City Council representatives to meet with Federal Minister for Innovation, Industry, Science and Research
  31. ref>Sobey, Emily ‘Mars celebrates 30 years in Ballarat’ The Courier, 24 Samhain 2009
  32. Company History
  33. X'trapolis Train Manufacturing Under Way in Ballarat.
  34. (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Ballarat Aerodrome", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).