Ballan, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ballan
Ballan

Príomhshráid Ballan

RedDot.png
Suíomh

37°36′ Theas 144°15′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Australia.svg An Astráil
Stát: Victoria
Déimeagrafaic
Daonra: 1,807 (2006)[1]
Cód poist: 3342
Crios ama: AEST (UTC+10)
AEDT (UTC+11)

Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Ballan (fuaimnítear ‘/bəˈlæn/’) agus é 78 ciliméadar siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. Tá sé suite in aice le hAbhainn an Werribee, agus is é lárionad riaracháin Shír Moorabool é.[2].

De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006, bhí 1,807 duine ina gcónaí ann.[3]

I rith ruathar óir Victoria i gcaogaidí an 19ú haois sheasadh na cóistí ann ar a mbealach chun órcheantair Ballarat. Faoi láthair sholáthraíonn sé seirbhísí d’fheirmeoirí an cheantair agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a théann ag obair in Melbourne.

Stair[athraigh | edit source]

Bundúchasaigh agus Eorpaigh[athraigh | edit source]

Bhí Ballan suite i limistéar na Wathaurong, pobal a bhí roinnte ina lán treabhchas. Thug na chéad Eorpaigh cuntas ar a gcuid rincí agus clampar, agus bhaintí feidhm as leaganacha de na seanlogainmneacha, ar nós Myrniong agus Berembroke.

Sa bhliain 1838 a thainig na “Over Straiters,” lonnaitheoirí a tháinig thar Chaolas Bass anall ó Van Diemen’s Land (an Tasmáin) tar éis gur chuir John Batman agus John Fawkner fúthu ag Bá Phort Phillip sa bhliain 1835. Thug an dream nua a dtréada leo suas an Moorabool chun Ballan agus áiteanna eile.[4] De réir mar a tháinig níos mó lonnaitheoirí, ghéaraigh an t-achrann idir Eorpaigh agus Bundúchasaigh. Ba é Robert von Seiglitz an chéad Eorpach a chuir faoi in Ballan, agus ba dhóigh leis nach raibh ceart ag na Bundúchasaigh ar an tír murar dheargaigh siad an talamh nó go raibh ainmhithe ar féarach acu.[5]

Rinne an lámh láidir, an t-ól agus na galracha an-díobháil don Wathaurong, mar a rinne milleadh an fhiadhúlra. Faoi sheascaidí an 19ú haois bhí a bhfuílleach scaipthe, cé nár dhearmad a sliocht an bhaint a bhí acu lena gceantair shinseartha. Is Bundúchasaigh iad 0.6% den phobal áitiúil faoi láthair, de réir dhaonáireamh na bliana 2006.

Timpeallacht[athraigh | edit source]

Thosaigh Eorpaigh ag cur fúthu sa cheantar sa bhliain 1838. Fuair siad rompu tír faoi chrainn agus gan mórán scrobarnaí ann. Bhí cangurúnna agus lucha léimneacha ann, ainmhithe a d’imigh in éag ann i lár na haoise de dheasca seilge agus scrios gnáthóige. Bhí bandacúit agus dhá spéiceas de chait dhúchasacha coitianta go maith anuas go dtí na seachtóidí, agus d’imigh siad sa tslí chéanna. D’imigh an chrotach, an colúr agus a lán pearóidí. Bhí an oiread sin diongónna ann go seilgeadh T.H. Pyke, duine de sheanfhundúirí Ballan, ar fud na háite iad le conairt a bhíodh aige d’aon ghnó chuige. [6]

D’fhág na hEorpaigh a rian ar an bhfásra freisin. D’aithin cuid de na seanfhundúirí áilleacht an cheantair. Bhí caolacháin[7] agus silíní fiáine ann, agus an iliomad bláthanna ildathacha.[8] Na caoirigh agus na beithígh a mhill iad.

An t-ór[athraigh | edit source]

Phlódaigh mianadóirí isteach sa limistéar tar éis go bhfuarthas ór ann sa bhliain 1851. Bhíodh an sluaite ag gabháil trí Bhallan, agus sa tréimhse sin a tógadh Óstán Ballan. Sheasadh na cóistí ann agus iad ag déanamh ar Bhallarat, áit na n-órcheantar mór. Cuireadh siopaí ar bun ann agus mhéadaigh an áit dá réir. D’oscail Oifig an Phoist sa bhliain 1853.[9]

Forais[athraigh | edit source]

Bunaíodh Bunscoil Ballan sa bhliain 1855. Bhí dhá dhalta is tríocha cláraithe ann – seacht gcailín déag agus cúig bhuachaill déag. Idir na blianta 1864 agus 1873 bhí 434 dalta ina n-iomláine ann, agus sa bhliain 1873 dúirt Walter Scott, an príomhoide, go raibh an oiread sin daltaí nua ag teacht gur dheacair slí a fháil dóibh. An bhliain dar gcionn d’aistrigh an scoil go dtí foirgneamh nua. Ní hé go dtagadh gach dalta go rialta a bhí cláraithe ann, ó bhí meánfhreastal 162 dalta sa bhliain 1873 as clárú iomlán 301. Mar sin féin, b’éigean an tríú seomra a chur leis an scoil. [10] Tá an scoil fós ann, murab ionann is a lán bunscoileanna i gceantair eile.

Tógadh an chéad Mechanics' Institute in Ballan sa bhliain 1861, agus tógadh an ceann atá anois ann ar láithreán a ceannaíodh sa bhliain 1881, cé gur cuireadh éadan nua leis sa bhliain 1922. Tá leabharlann agus halla ann.[11]

Osclaíodh Teampall Preisbiteireach Naomh Pól in Ballan i Mi Iúil 1866. Tá sé ar na teampaill is áille in Victoria.

Iompar[athraigh | edit source]

Stáisiún Iarnróid Ballan

Gluaisteáin is mó a iompraíonn daoine in Ballan. Ní fada ón Mótarbhealach Thiar é agus is furasta dul go dtí Melbourne thoir agus go dtí Ballarat thiar. Is é Sean-Bhóthar Melbourne (Sean-Shráid Inglis) an bóthar is cóngaraí isteach, agus is mór an cóngar freisin é Bóthar Geelong-Ballan. Stáisiún do phaisinéirí amháin is ea Stáisiún Iarnróid Ballan agus é suite ar iarnród Ballarat. Traenacha de chuid VLine a fhreastlaíonn air. Tógann sé idir 55 agus 59 nóiméad Stáisiún Chros an Deiscirt a bhaint amach in Melbourne, idir 20 agus 25 nóiméad Ballarat a bhaint amach, agus is féidir dul chomh fada le hiarnród Ararat nó le Maryborough.

Seasann busanna de chuid VLine in Ballan agus iad ag gabháil ó Bhallarat go Melbourne, agus téann busanna tointeála ó Oifig an Phoist go dtí Aerfort Tullamarine.[12]. I rith na seachtaine téann Ballan Bus Lines chun Daylesford.[13].

Féilte agus radhairc[athraigh | edit source]

Bíonn Railí Gléasra agus Feithiclí Seanré ar siúl i Mí na Feabhra, agus iomrá leis an Tarraingt Tarracóirí.

Bíonn Féile Fómhair ar siúl i ndeireadh Mhí Mhárta. Tá tobar mianraí in Ballan, agus laisteas den bhaile tá Páirc Náisiúnta Ardán Brisbane agus Páirc Foraoise You Yangs.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]

Edwards, Paul: ‘I can't quite place it...,’ Royal Auto, RACV], Imleabhar 77, eagrán 2, Márta 2009, lgh 40–41.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]