Buninyong, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Buninyong
Buninyong

Buninyong

RedDot.png
Suíomh

37°39′ Theas 143°53′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Australia.svg An Astráil
Stát: Victoria
Déimeagrafaic
Daonra: 3,244 (2011)[1]
Cód poist: 3357
Crios ama: AEST (UTC+10)
AEDT (UTC+11)

Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Buninyong. Tá sé suite ar Mhór-Bhóthar Lár na Tíre (Midland Highway), taobh theas de Bhallarat, ar an mbealach go dtí Geelong. Is ann a fógraíodh an chéad bhaile intíre san Astráil . De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 3,085 duine ina gcónaí ann. Ba de shliocht Bundúchasach 0.6% díobh.[2]

Roimh theacht na nEorpach bhí gasraí de na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí ann, agus óna gcanúint a thagann an t-ainm. Deirtear gurb í an chiall atá leis "fear atá ar shlat a dhroma agus a ghlúine tógtha" agus tagairt déanta ann do chruth Shliabh Buninyong.[3] Thug na chéad Eorpaigh "Bunnenyong" air,[4] ainm a simplíodh ina dhiaidh sin.

Stair[athraigh | edit source]

Tháinig na hEorpaigh sa bhliain 1837, nuair a rinne na deartháireacha Thomas agus Somerville Learmonth agus daoine eile an ceantar a thaiscéaladh. Faoin mbliain 1839 bhí lonnaíocht thréadach déanta ann. Osclaíodh oifig an phoist ar 1 Eanáir 1845.[5]

Ré an óir[athraigh | edit source]

Tháinig Thomas Hiscock, gabha na háite, ar ór trí chiliméadar siar ón mbaile sa bhliain 1851, in áit a dtugtar Hiscocks fós uirthi. I ndáiríre, bhí daoine ag teacht ar ór sna daichidí féin.[6] Is dócha go raibh lucht na dtréad ag ceilt an scéil ar eagla go ndéanfadh an rialtas an t-ór a choigistiú toisc go bhfuarthas ar thalamh corónach (i.e. talamh stáit) é.

Thosaigh ruathar óir, rud a lig do Henry Joseph Desoza teacht chun tosaigh.[7] Ba dhaonchara é a d'éirigh saibhir le hamhantraíocht agus trí thalamh agus gléasra a sholáthar ar léas do lucht mianadóireachta. Fuair Desoza a chuid gustail ó ríochíosanna seachas ó scaireanna. Sa bhliain 1883 bronnadh coróin óir air, agus ina dhiaidh sin thugtaí "Rí Óir Buninyong" air.

Faoin mbliain 1871 bhí 2,281 duine ina gcónaí i mBuninyong agus fiche teach tábhairne ann. Bhí sráideanna leathana ann agus súil le fás, ach lagaigh an mhianadóireacht agus níor fágadh ach áit feirmeoireachta.

Iarnród[athraigh | edit source]

Osclaíodh iarnród ó Bhallarat sa bhliain 1889, agus cuireadh bailchríoch ar an stáisiún sa bhliain 1890. Ritheadh an traein ó Stáisiún Ballarat agus í ag seasamh ag Stáisiún Ballarat Thoir, Stáisiún Eureka, Taobhlach Levy, an Stáisiún Ceanadach, Stáisiún Shliabh Clear, Taobhlach Reid, Taobhlach Shliabh Helen agus Stáisiún Buninyong. Thugtaí "The Bunny" ar an iarnród seo, ach stad sé de phaisinéirí a iompar i ndeireadh na dtríochaidí agus d'earraí a iompar sa bhliain 1947.[8][9]

Foirgnimh[athraigh | edit source]

Tá a lán tithe galánta le feiceáil a tógadh i ré an óir.

Séipéal[athraigh | edit source]

Séipéal Caitliceach

Tá a lán seaneaglaisí i mBuninyong, agus is é Séipéal Caitliceach Naomh Peadar agus Naomh Pól (a dtugtaí Teampall Naomh Nioclás air) an ceann is sine, ó leagadh an bhunchloch sa bhliain 1853. Is cosúil go raibh an chéad scoil Chaitliceach le fáil anseo ón mbliain 1851, agus gur anseo freisin a thionóladh an pobal.

Leabharlann[athraigh | edit source]

Tógadh an foirgneamh seo timpeall na bliana 1859 mar bhronntanas ó Robert Allan, tionsclaí agus daonchara. Ba leis-sean an láithreán cúig acra, agus bhí an foirgneamh le bheith ina leabharlann agus ina Mechanics Institute (institiúid staidéir). Bheadh árasán agus siopa ann freisin. Foirgneamh adhmaid é ach is cuid suntais é an dealramh cloiche atá ar an éadan. Níor baineadh feidhm as an leabharlann tar éis an Chéad Chogadh Domhanda (1914-18) agus b'áit chónaithe nó siopa ceardaíochta í ó am go chéile. Bhí sí ag dul chun raice go dtí an bhliain 1980, nuair a cuireadh í ar Chlár Oidhreachta Victoria. Anois tá iontaobhas ina feidhil.

Cúirt Phóilíneachta[athraigh | edit source]

Foirgneamh gaineamhchloiche é seo. Cuireadh campa póilíneachta ar bun anseo sa bhliain 1850 chun an t-órcheantar a riar, agus tógadh an Chúirt sa bhliain 1858. Níor tréigeadh í go dtí an bhliain 1888 nuair a cuireadh Teach Cúirte nua ar fáil i Sráid Learmonth. Thosaigh Cumann Staire Buninyong agus a Cheantair ag cur caoi ar an tsean-Chúirt sa bhliain 1995.

Sliabh Buninyong[athraigh | edit source]

Bolcán spíonta is ea Sliabh Buninyong agus é 745 méadar ar airde os cionn leathantas mór an Mhachaire Iartharaigh. Bhain seachtar fear bán tairbhe as sa bhliain 1837 chun radharc a fháil ar an tír thiar agus thiar thuaidh. Cuireadh 217 acra i leataobh mar pháirc phoiblí sa bhliain 1866 agus tógadh bóthar suas go dtí barr an tsléibhe sa bhliain 1926. Bhí tarraingt daoine ar an sliabh ar feadh an 19ú haois, agus áiseanna radhairc agus picnice á soláthar dá réir. Tá an obair sin ar siúl i gcónaí, agus rinneadh iarracht sa bhliain 1983 ar chrainn a chur ar aghaidh lom thuaidh an tsléibhe, ach theip uirthi.

Reilig Buninyong[athraigh | edit source]

Chuir muintir Learmonth fúthu sa cheantar sa bhliain 1838 agus cuireadh a lán daoine sa teanreilig. Bhí an reilig nua ann faoin mbliain 1849 agus í roinnte ina gceithre rannóg chreidmheacha. Bhí timpeall 10,000 duine i mBuninyong i dtréimhse an óir agus ba mhinic mná ag fáil bháis i luí seoil agus fir á marú i dtimpistí mianadóireachta nó ag fáil bháis de ghalar scamhóige. D'fhaigheadh timpeall céad duine bás gach bliain. Le himeacht aimsire laghdaigh an daonra, ach tá an reilig in úsáid i gcónaí.

Luibhghairdíní Buninyong[athraigh | edit source]

Tá Luibhghairdíní Buninyong ar na cinn is sine sa Stát. Cuireadh talamh i leataobh sa bhlian 1859 do na gairdíní, agus taispeánann plean de chuid na bliana 1861 cosáin, droichid, clathacha agus áit a bhféadfaí áiseanna folctha a sholáthar.

Bhí tionchar ag na Gearmánaigh ar na gairdíní: sa bhliain 1872 ceapadh Conrad Fegbeitel mar Chaomhnóir na nGairdíní agus mar Mhaor na bhFolcadán, agus fuarthas plandaí agus crainn ó chaomhnóir cáiliúil Luibhghairdíní Melbourne, Ferdinand Von Mueller. Fuarthas cabhair ó chaomhnóirí Luibhghairdíní Ballarat agus Geelong, ón bPlandlann Stáit in Creswick agus ó phlandlannaithe áitiúla. Thagadh na sluaite ó Bhallarat ar an traein chun cuairt a thabhairt ar na gairdíní, ach cuireadh deireadh leis sin sa bhliain 1847 nuair a baineadh an t-iarnród aníos.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "Daonáireamh 2011 'QuickStats' – Buninyong", Australian Bureau of Statistics (30 Deireadh Fómhair, 2012). (Béarla)
  2. Daonra Buninyong 2006
  3. UBD Victoria Country Road Atlas, 14th edition, Universal Publishers, 2004.
  4. http://gazette.slv.vic.gov.au/images/1848/P/general/41.pdf
  5. Premier Postal History: Post Office List.
  6. Griffiths, 1988.
  7. Páipéar a léigh Robert W. Bell, staraí, os comhair Chumann Staire Buninyong.
  8. Australian Railway Historical Society Bulletin, Iúil 1983, lgh145-160.
  9. Sid Brown, 'Tracks across the State,' Newsrail, Australian Railway Historical Society (Victorian Division), Márta 1990, lgh 71-76.

Féach freisin[athraigh | edit source]

  • Griffiths, Peter M.. Three Times Blest: a history of Buninyong and district 1837-1901. Buninyong and District Historical Society 1988.
  • Leather, Derick & Sunter, Anne Beggs. Buninyong Cemetery: a guide to the cemetery, including history and plan. Buninyong and District Historical Society 1996.
  • Thorpe, M.W. & Akers, Mary. An Illustrated History of Buninyong. Buninyong and District Historical Society 1982.

Naisc[athraigh | edit source]