Lal Lal, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLal Lal, Victoria

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°41′00″S 144°01′00″E / 37.6833°S 144.0167°E / -37.6833; 144.0167
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán476 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3352 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag in Victoria na hAstráile is ea Lal Lal. Tá sé le fáil in aice le hiarnród Geelong-Ballarat. De réir dhaonáireamh na bliana 2006 bhí 677 duine ann agus ba de shliocht Bundúchasach naonúr acu. Bhí a lán teangacha nár Bhéarla iad á labhairt sa bhaile: Gearmáinis (6), Máltais (5), Ollainnis (5), Iodáilis (5) agus Polainnis (4).[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa cheantar ar dtús. Rinne teacht na nEorpach díobháil mhór dóibh. Chaill siad a slí mhaireachtála agus ní raibh cosaint acu ar armáin na strainséirí, ar ghalracha nua ná ar an ól. Tá teallaigh dá gcuid le feiceáil sa cheantar fós.

Sa bhliain 1840 chuir na hUaisle Blackney agus Airey réimse caorach ar bun ar thug siad Lal Lal ("uisce") air. Cheannaigh Peter Inglis é sa bhliain 1845, agus cheannaigh a nia Arthur Fisken arís é an bhliain chéanna.

D'fhág ruathar óir a rian ar an limistéar sa bhliain 1851, agus thosaigh siad ag baint amhiarainn sa bhliain 1854. Sa bhliain 1857 tháinig siad ar ghual donn agus ar chaoilín. Chuirtí an caoilín chun Sasana chun poirceallán a dhéanamh, agus tá sé á bhaint ann fós. Sa bhliain 1862 osclaíodh stáisiún iarnróid agus cuma ghalánta air, agus sa bhliain 1875 tógadh craobhlíne chomh fada leis an ráschúrsa, áit a mbíodh tarraingt mhór daoine uirthi. Bhí rásaí ar siúl ann anuas go dtí an Dara Cogadh Domhanda, agus sa bhliain 1937 tharla an cruinniú is mó dá raibh ann ag aon rásaí tuaithe capall - 32,000 duine.

Osclaíodh Oifig an Phoist ar 18 Iúil 1863 agus dúnadh í sa bhliain 1969.[2]

Easanna Lal Lal[cuir in eagar | athraigh foinse]

De bharr oibriú bolcánach a rinneadh na heasanna, agus ghnáthaíodh na Wathaurong iad. Tá idir dhamhnú eibhir agus dhamhnú basaltach ann. Loch a bhí ann ar dtús agus creimeachán ba chúis leis an sruth. Tá sé sin ag rith síos go dtí an Moorabool agus linnte an-domhain ann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Lal Lal (State Suburb)"[nasc briste go buan], Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007). (Béarla)
  2. https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= Post Office list: Lal Lal. (Béarla)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eolas do thurasóirí Curtha i gcartlann 2011-07-23 ar an Wayback Machine

Suíomh an cheantair Curtha i gcartlann 2011-10-06 ar an Wayback Machine