Elaine, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilElaine, Victoria

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósElaine of Astolat (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 37°46′S 144°01′E / 37.77°S 144.02°E / -37.77; 144.02
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán228 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3334 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Elaine agus é suite in aice Mhórbhóthar na Lárcheantar (Midland Highway) idir Ballarat agus Geelong. De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 677 duine ina gcónaí in Elaine agus ina thimpeall. Labhraíodh 638 duine Béarla sa bhaile, agus bhí lucht labhartha teangacha eile mar a leanas: Gearmáinis 7, Ollainnis 5, Seicis 5, Polainnis 4.[1] Cuid de sheanchríocha na Wathaurong, pobal Bundúchasach an réigiúin, is ea Elaine, agus sa bhliain 2006 ba de shliocht Bundúchasach 1.6% den phobal áitiúil.

Tá feirmeacha caorach timpeall an tsráidbhaile ar an machaire mór. Baineann Elaine le Cúige na mBrúchtanna Nua (Newer Volcanics Province), réigiún atá ag síneadh ó Melbourne siar go dtí Portland. Níorbh fhada formhór na mbolcán beo, ach líon an laibhe na gleannta. Níl aon bholcáin bheo le fáil sa réigiún le timpeall fiche míle bliain.[2]

Sheasadh traein phaisinéirí ag Elaine tar éis gur osclaíodh an t-iarnród Geelong-Ballarat sa bhliain 1862,[3] ach inniu níl ann ach traenacha earraí agus arbhair.

Naomh Sava, laoch na hEaglaise Ceartchreidmhí sa tSeirbia (12ú haois).

D'oscail Oifig an Phoist ann ar 1 Márta 1859 mar Mount Doran agus tugadh Elaine uirthi sa bhliain 1872. Ar 14 Aibreán 1873 osclaíodh Oifig Poist Stáisiún Iarnróid Elaine. Sa bhliain 1877 tugadh Elaine ar an oifig úd agus tugadh Mount Doran arís ar an tseanoifig.[4]

Mainistir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá mainistir Cheartchreidmheach Sheirbiach in aice le hElaine a bhfuil cúigear manach agus beirt bhan rialta ann. Tá neart íocón ann agus iarsmaí naofa, agus íocón de Mhuire san áireamh a luaitear míorúiltí leis. Táthar ag brath ar na ballaí a mhaisiú le freascónna. Bíonn tarraingt daoine ar an áit as gach cearn laethanta féile.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]